Clár Éire Ildánach

Creative Ireland Programme

2017 - 2022

Government Foreword

Réamhrá an Rialtais

The Creative Ireland Programme is an invitation to the entire country to get involved in something truly inspirational.

Is ionann an Clár Éire Ildánach is cuireadh don tír ar fad páirt a ghlacadh i rud éigin thar a bheith ionspioráideach.

At its heart is collaboration – between central and local government, between culture and industry, between artists and policy makers – to facilitate an ecosystem of creativity.

The transformational potential of culture was understood by the revolutionary generation. During this year, 2016, as we commemorated the events that led to the foundation of our state, we rediscovered the power of cultural creativity to bring communities together, and to strengthen our sense of identity.

That is why it became obvious that we should build a legacy of 2016 around our cultural heritage. Multiple discussions led to the idea of personal and collective creativity as a policy objective.

The best way to nurture the creative imagination is through active engagement with arts and culture. Promoting creativity provides us with a strategy for individual wellbeing, social cohesion and economic success.

This all-of-government initiative is an ambitious plan, possibly one of the most important initiatives of our time. It calls on all of us to play a part in placing our rich cultural heritage, and its potential, at the centre of our lives.

It is an initiative that can define us for generations to come. It can redefine our role as a small sovereign republic in a globalised world. It is an important statement to ourselves and to the world.

Culture and creativity are the greatest assets of any society. It is our duty to do everything we can to unleash the full creative potential of our people. That is what this initiative is all about.

Click here for a downloadable .pdf of the programme.

Ina chroílár tá comhoibriú – idir an rialtas láir agus áitiúil, idir cultúr agus tionscal, idir ealaíontóirí agus lucht déanta polasaí – chun an bealach a réiteach do thimpeallacht chruthaitheach.

Thuig an ghlúin réabhlóideach an fhéidearthacht a bhain le cultúr chun an saol a athrú ó bhonn. Le linn na bliana seo, 2016, agus comóradh á dhéanamh againn ar na himeachtaí a raibh bunú ár stáit mar thoradh orthu, d’aimsigh muid arís an chumhacht atá ag an gcruthaitheacht chultúrtha chun pobail a thabhairt le chéile, agus chun ár bhféiniúlacht a threisiú.

Mar gheall air sin, bhí sé soiléir dúinn gur cheart oidhreacht de 2016 a thógáil thart ar ár nósanna cultúrtha. Mar thoradh ar mhórán cur agus cúiteamh, thángthas ar an smaoineamh den chruthaitheacht phearsanta agus choiteann mar chuspóir polasaí.

Is í an rannpháirtíocht ghníomhach leis na healaíona agus le cultúr an bealach is fearr chun an tsamhlaíocht chruthaitheach a chothú. Cuireann cur chun cinn na cruthaitheachta straitéis ar fáil dúinn don fholláine aonair, don chomhtháthú sóisialta agus do rath na heacnamaíochta.

Is plean uaillmhianach an tionscnamh uile-rialtais seo, a d’fhéadfadh a bheith ar cheann de thionscnaimh mhóra thábhachtacha ár linne. Éilíonn sé orainn ar fad páirt a ghlacadh agus muid ag cur ár n-oidhreacht agus ár gcumas saibhir cultúrtha i lár an aonaigh.

Is tionscnamh é a léireoidh cé muid féin do na glúine atá le teacht. Tabharfar ról as an nua dúinn mar phoblacht bheag cheannasach sa saol domhandaithe. Is ráiteas tábhachtach é dúinn féin agus don domhan.

Is iad an cultúr agus an chruthaitheacht na sócmhainní is luachmhaire atá i sochaí ar bith. Tá sé mar dhualgas orainn gach is féidir linn a dhéanamh chun teacht i dtír ar chumas cruthaitheach iomlán ár muintire. Is chuige sin atá an tionscnamh seo.

Cliceáil anseo chun leagan .pdf is féidir a íoslódáil a fháil de chlár.

The Five Pillars Of Creative Ireland

Cúig Cholún a bhaineann le Éire Ildánach

The empowerment of local authorities to lead the engagement of citizens with our arts and culture is essential.
More
The overarching, long-term objective of this pillar is to elevate the creative industries including media, architecture, design, digital technology, fashion, food and crafts.
More
Devising an integrated implementation plan for arts in education is a priority for Creative Ireland.
More
The Government recognises that high quality infrastructure is critical for a vibrant arts and culture sector and that investment in cultural infrastructure underpins social cohesion and supports strong and sustainable economic growth.
More
Amid increasingly fierce global competition for investment, tourism and export markets, a clear articulation of a country’s values, capabilities and beliefs about itself is increasingly important.
More

Creative Ireland Programme— Culture, Wellbeing and the Creative Society

Clár Éire Ildánach— Cultúr, Folláine agus an tSochaí Ildánach

Creative Ireland is the Government’s Legacy Programme for Ireland 2016 – a five-year initiative, from 2017 to 2022, which places creativity at the centre of public policy.

Éire Ildánach an tionscnamh de chuid an Rialtais a eascraíonn le hoidhreacht ó Éire 2016.

It is a high-level, high-ambition, all-ofgovernment initiative to mainstream creativity in the life of the nation so that individually and collectively, in our personal lives and in our institutions, we can realise our full creative potential.

Creative Ireland is a culture-based programme designed to promote individual, community and national wellbeing. The core proposition is that participation in cultural activity drives personal and collective creativity, with significant implications for individual and societal wellbeing and achievement.

Creative Ireland is the main implementation vehicle for the priorities identified in Culture 2025/Éire Ildánach, the draft cultural policy published by the Minister for Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs in July 2016, which sees a vibrant cultural ecosystem as essential to society. Culture 2025/Éire Ildánach states that arts and culture are intrinsic to the Irish State, acknowledges the need to increase access to, and participation in, the arts, boost our creative industries, and preserve our heritage with a particular focus on language, landscape and the environment.

Creative Ireland as a 2016 legacy project is inspired by the extraordinary public response to the Centenary: the thousands of events, largely culture-based, and unprecedented public participation that brought us together in shared reflections on identity, culture and citizenship that combined history with arts, heritage and language.

Creative Ireland will bring coordination and focus to existing culture-based policies and initiatives – and lead to ambitious new actions.

Creative Ireland is a wellbeing strategy for people, but it will also enable a representation of Ireland to the outside world that is well grounded, widely understood and meaningful. Creative Ireland will coordinate and enable the construction of that representation, seeking coherence among all stakeholders and placing a clear focus on our rich cultural heritage and our creativity.

Creative Ireland is underpinned by the key values should be identified in Culture 2025/Éire Ildánach. They are:

  • The intrinsic value of culture
  • The value of culture to our lives and our communities
  • The right of everyone to participate in the cultural life of the nation
  • The importance of the Irish language, our cultural heritage, folklore, games, music and the uniqueness of our Gaeltacht areas
  • The value of cultural diversity, informed by the many traditions and social backgrounds now in Ireland
  • The value of culture as a means of fostering a more sustainable future for Ireland, including through economic and social policy
  • The value of culture in presenting Ireland to the world.

Tionscnamh cúig bliana atá ann, ó 2017- 2022, trína gcuirtear an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí. Tionscnamh ardleibhéil, ardaidhme uile-rialtais atá ann d’fhonn an chruthaitheacht a chur ina gnáthchuid de shaol an náisiúin ionas gur féidir linn ar fad, asainn féin agus i gcomhar lena chéile, an acmhainn chruthaitheachta atá ionainn a thabhairt in inmhe agus chun foirfeachta sa saol pearsanta agus i bhforais éagsúla na tíre.

Tionscnamh atá in Éire Ildánach atá bunaithe ar an gcultúr agus atá leagtha amach le folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is é an bunsmaoineamh go mbíonn rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúir ina shiocair leis an gcruthaitheacht phearsanta agus le cruthaitheacht an chomhair agus go dtagann torthaí suntasacha dá bharr sin maidir le folláine an duine agus an phobail agus lena gcuireann an duine agus an pobal i gcrích.

Éire Ildánach an príomhchóras trína gcuirfear i bhfeidhm na tosaíochtaí a leagtar amach in Cultúr 2025/Éire Ildánach, an dréachtpholasaí cultúir a d’fhoilsigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i mí Iúil 2016 ina bhfeictear gur ní bunriachtanach sa tsochaí éiceachóras beo bríomhar cultúir. Luaitear i Cultúr 2025/Éire Ildánach gur gné bhunúsach de Stát na hÉireann na healaíona agus an cultúr, admhaítear gur gá teacht a bheith níos furasta ar ghnéithe de na healaíona, rannpháirtíocht sna healaíona a bheith níos coitianta, borradh a chur faoi thionscail na cruthaitheachta agus an oidhreacht a chaomhnú, le béim faoi leith ar an teanga, ar an tírdhreach agus ar an timpeallacht.

A mhéid a ghlac an pobal páirt i mBliain Chomórtha an Chéid a spreag Éire Ildánach, tionscnamh le hoidhreacht ón mbliain 2016: na mílte imeacht, a bhí bunaithe ar chúrsaí cultúir den chuid is mó, agus rannpháirtíocht an tslua iontu, a tharraing le chéile muid i mbun machnaimh ar chúrsaí aitheantais, cultúir agus saoránachta na hÉireann, an stair á ceangal leis na healaíona, an oidhreacht agus an teanga.

Beidh breis comhordúcháin agus béime i gceist maidir le polasaithe agus tionscnaimh atá bunaithe ar an gcultúr cheana féin mar gheall ar Éire Ildánach, chomh maith le gníomhartha ardaidhme nua a thabhairt chun cinn.

Is straitéis folláine atá in Éire Ildánach, ach féadfar freisin Éire a chur in iúl don saol mór ar bhealach a bhfuil bunús maith faoi, tuiscint go forleathan air agus brí chiallmhar leis. Faoi Éire Ildánach, déanfar comhordú ar an gcur i láthair sin agus féachfar le teacht ar an gcomhtháthú ina leith i measc na bpáirtithe leasmhara go léir agus le béim a leagan go láidir ar ár n-oidhreacht shaibhircultúir agus ar an gcruthaitheacht.

Mar bhonn agus taca ag Éire Ildánach tá na príomhluachanna atá sonraithe in Culture 2025/Éire Ildánach. Is iad sin:

  • Luach sainiúil an chultúir
  • An luach a chuireann an cultúr lenár saol agus lenár bpobal
  • An ceart atá ag gach duine chun páirt a ghlacadh i saol cultúrtha an náisiúin
  • A thábhachtaí atá an Ghaeilge, ár n-oidhreacht chultúrtha, ár dtraidisiún béil, ár gcluichí agus ár gceol, agus a uathúla atá ár gceantair Ghaeltachta
  • Luach na héagsúlachta cultúrtha a ghabhann leis an iomad traidisiún agus cúlraí sóisialta atá againn in Éirinn inniu
  • Luach an chultúir mar bhealach chun todhchaí níos inbhuanaithe a chothú d’Éirinn, lena n-áirítear trí bheartas eacnamaíoch agus sóisialta
  • Luach an chultúir maidir le hÉirinn a chur i láthair an domhain.

 

Creativity

An Chruthaitheacht

Creative Ireland defines creativity as a set of innate abilities and learned skills: the capacity of individuals and organisations to transcend accepted ideas and norms and by drawing on imagination to create new ideas that bring additional value to human activity.

Tugtar de shainmhíniú ar an gcruthaitheacht chomh fada agus a bhaineann le Éire Ildánach go dtagann cumas ó dhúchas agus scileanna foghlamtha i gceist leis; gur ionann an chruthaitheacht agus cumas daoine aonair agus eagraíochtaí gnáthsmaointeoireacht agus nósanna a shárú de bhíthin na héirime agus smaointe nua a chruthú a mbíonn fiúntas breise leo don duine.

Culture and creativity are inextricably linked: artists and designers are central to the evolution of a culture of creativity. The artist is the primary interrogator and narrator of our culture: the designer uses the artist’s insights to infuse products, spaces and processes with cultural meaning, distinctiveness and human value.
Continuous engagement with the arts is enormously beneficial for building creative capacities and enhancing wellbeing. Music, visual art, cinema and poetry contribute to societal creativity in such a way as to stimulate learning, good health and social cohesion – as well as job creation and economic prosperity.
Human creativity is often described as the ultimate economic resource, essential to the prosperity of any business, city, community or country.
Creative people are key to the new economy in which the ability to conceptualise is more important than knowledge. Culture and creativity are essential features of an innovative, post-industrial economy.

Áit a mbíonn cultúr bíonn cruthaitheacht: tá an t-ealaíontóir agus an dearthóir lárnach i gcultúr cruthaitheachta a thabhairt chun cinn. An t-ealaíontóir a dhéanann an príomhchíoradh agus an príomhchur-iláthair ar an gcultúr: baineann an dearthóir tairbhe as léargas an ealaíontóra chun brí agus saoithiúlacht an chultúir a thabhairt do tháirgí, spásanna agus próisis.
Bíonn tairbhe mhór as saothrú na n-ealaíon go leanúnach maidir le cumas cruthaitheachta a chothú agus cur le leas an duine. Cuireann ceol, na hamharcealaíona, scannánaíocht agus filíocht le cruthaitheacht sa tsochaí. Déantar foghlaim, dea-shláinte agus comhtháthú sóisialta a spreagadh chomh maith le poist a chruthú agus rath eacnamaíochta a thabhairt chun cinn.
Deirtear go minic gurb í cruthaitheacht an duine an acmhainn eacnamaíochta is fearr ar fad agus tá sí ríthábhachtach má tá rath le teacht ar ghnólacht, ar chathair, ar phobal nó ar thír ar bith.
Tá daoine cruthaitheacha tábhachtach sa gheilleagar nua a mbeidh níos mó tábhachta leis an gcumas coincheapú a dhéanamh ná le heolas. Is gnéithe bhuntábhachta de gheilleagar nuálach iar-thionsclaíoch an cultúr agus an chruthaitheacht.

Background of 2016, the Centenary

Cúlra na bliana 2016, Bliain Chomórtha an Chéid

The Ireland 2016 Centenary Programme has facilitated a heightened sense of shared identity, pride of country and place, and active citizenship.

D’fhág Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain go bhfuil tuiscint níos géire ar aitheantas na ndaoine, ar an mórtas as an tír agus as an áit agus ar an tsaoránacht ghníomhach.

The public response to the invitation of the Ireland 2016 Centenary Programme has been characterised by unprecedented levels of historical enquiry, community activity and cultural engagement. An analysis of the seven strands of the programme – nationally, county by county, and in our Diaspora – shows arts and cultural events predominating throughout.

The revolutionary generation was born out of the Gaelic League, the Irish Revival, The Irish National Literary Society, The Abbey and other cultural institutions of the time. Central to the Centenary has been our contemporary cultural life: the county libraries, the county arts and heritage offices, our archivists, community based arts groups, Irish language organisations, our universities, the Royal Irish Academy, all of the National Cultural Institutions, the Arts Council, the Irish Film Board, Culture Ireland, as well as theatres, County and City Halls, arts festivals, RTÉ and the public airwaves, concert and music venues, the streets of our cities and towns and the landscape itself – and of course the many artists and creators in different disciplines who responded to the Centenary.

Our natural affinity with the creative arts has become abundantly evident during the year. The arts provided the direct experiential platform for widespread engagement in which multiple narratives were heard and explored. We have been reminded of the centrality of the creative and participative arts to our sense of national identity and purpose.

For these reasons, there is a compelling case for a significant legacy project built around the themes of identity, culture and citizenship, and the transformative power of creativity.

Is é is suntasaí faoin nglacadh a bhí ag an bpobal lenar cuireadh ar fáil faoi Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain go ndearnadh fiosrú na staire níos tréine ná riamh, agus gur tharla beartaíocht phobail agus taithí an chultúir níos minice ná riamh freisin. Is léir, ar anailís a dhéanamh ar na seacht snáithe a bhain leis an gclár – go náisiúnta, de réir an chontae, agus i measc lucht an Diaspóra – gur ar imeachtaí ealaíon agus cultúir is fearr a bhí toradh.

D’eascair lucht ré na réabhlóidíochta as Conradh na Gaeilge, Athbheochan na hÉireann, Cumann Litríochta Náisiúnta na hÉireann, Amharclann na Mainistreach agus forais eile cultúir na linne. Ba chuid lárnach de Bhliain Chomórtha an Chéid saol an chultúir sa lá atá inniu ann: na leabharlanna contae, na hoifigí ealaíon agus oidhreachta contae, ár gcartlannaithe, grúpaí ealaíon atá bunaithe i measc an phobail, eagraíochtaí Gaeilge, ár n-ollscoileanna, Acadamh Ríoga na hÉireann, na Forais Náisiúnta Cultúir go léir, an Chomhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann, Cultúr Éireann, chomh maith le hamharclanna, Hallaí Contae agus Hallaí Cathrach, féilte ealaíon, RTÉ agus na meáin chraoltóireachta poiblí, ionaid ceolchoirme agus ceoil, sráideanna cathrach agus bailte móra agus an tírdhreach féin – agus, ar ndóigh, na healaíontóirí agus cruthaitheoirí go léir i ndisciplíní éagsúla a d’fhreagair don Chomóradh Céad Bliain.

Tháinig an luí atá againn go nádúrtha leis na healaíona cruthaitheacha chun cinn go soiléir i rith na bliana. Trí chúrsaí ealaíon ab fhéidir ardán a chur ar fáil do rannpháirtíocht an tslua ionas go raibh aird ar an iliomad snáithe scéil agus machnamh á dhéanamh orthu. Cuireadh i gcuimhne dúinn chomh buntábhachtach agus atá ealaín na cruthaitheachta agus an rannpháirtíocht sna healaíona maidir leis an tuiscint atá againn ar an aitheantas náisiúnta agus ar na cuspóirí náisiúnta.

Ar an ábhar sin, tá cúis an-mhaith le tionscadal suntasach le hoidhreacht atá bunaithe ar théamaí an aitheantais, an chultúir agus na saoránachta agus an chumhacht atá ag an gcruthaitheacht athrú a thabhairt chun cinn.

Creativity—The National Policy Context

An Chruthaitheacht—Comhthéacs an Pholasaí Náisiúnta

Creative Ireland will bring an enhanced level of coordination, focus and leadership to existing policies and initiatives across national and local government, State agencies, the arts and culture sector, Gaeltacht and Irish language organisations, and will provide linkages to the private business and NGO sectors.

Beidh leibhéal feabhsaithe comhordaithe, fócais agus ceannaireachta i gceist le Éire Ildánach i ndáil le polasaithe agus tionscnaimh atá ann cheana ar fud an rialtais náisiúnta agus áitiúil, gníomhaireachtaí Stáit, san earnáil cultúir agus ealaíon, in eagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge agus cuirfidh an clár naisc ar fáil chuig na hearnálacha gnó príobháidigh agus NGO.

Creative Ireland contextualises the Programme for a Partnership Government which states that:

  • Arts and culture are intrinsic to the Irish State
  • We believe the arts belong to everybody and we need to increase access to, and participation in, the arts, boost our creative industries and preserve our heritage
  • Societies which invest in the arts and heritage are more prosperous, successful societies.

Creative Ireland subscribes to the values and high-level principles set out in Culture 2025/ Éire Ildánach which aim to:

  • Enrich the lives of everyone through engagement in the cultural life of the nation
  • Create opportunities for increased citizen participation, especially for those currently excluded
  • Encourage ambition, risk, innovation and excellence in the creative and cultural sectors
  • Ensure that culture is seen as a core component of work across Government
  • Recognise and support the cultural contribution of the voluntary sector
  • Ensure the robustness of systems which safeguard and promote Ireland’s cultural heritage
  • Support a thriving Irish language, with vibrant Gaeltacht communities and other language networks
  • Promote Ireland’s culture on the international stage
  • Finance this vision with welldesigned funding mechanisms.

Creative Ireland is the main implementation vehicle for the priorities identified in that framework policy which seek to:

  • Put culture at the heart of our lives
  • Foster creativity
  • Celebrate our cultural heritage and traditions
  • Recognise the importance of culture to a vibrant society
  • See collaboration as the new norm
  • Emphasise the international dimension
  • Respond to the digital age.

The Charter for Arts in Education contained in Art in Education (2012), a joint policy document of the Departments of Arts, Heritage and the Gaeltacht and Education and Skills, will be supported by Creative Ireland. It states the following:

We believe creativity must be placed at the heart of our future as a society and a country. The arts are our first encounter with that rich world of creativity, and we believe in placing the arts, alongside other subjects, at the core of our education system.

Various other State-funded research projects have demonstrated a direct link between arts-based creativity and wellbeing in various settings. The importance of the arts in the field of mental health, for example, is widely acknowledged. Among the many practical examples of arts and wellbeing are:

  • The Arts in Care Settings project initiated by Age and Opportunity with a long-term aim of making the arts and creativity intrinsic to life-in-care settings for older people
  • Design & Dignity, a joint project of the HSE and the Irish Hospice Foundation which brings high standards of art, design and architecture to end-of-life settings, mainly in public hospitals – and is acknowledged as having extraordinarily positive outcomes for the dying, the bereaved and for hospital staff and carers
  • Arts in prison programmes, including the Arts Council Writers in Prison scheme and the Visual Artists in Prisons scheme, which are widely recognised for reducing recidivism and contributing to rehabilitation and self-confidence.

The Global Island: Ireland’s Foreign Policy for a Changing World (2015) states that ‘Irish culture is a global commons, recognised and followed by people who may have no other connection to Ireland.’

The review also makes the point that ‘through cultural diplomacy, the relationship we have built with our diaspora communities and the partnerships we have forged around the globe can only be strengthened.’ This is an observation that has been borne out by the experience of our embassy network in 2016 which highlights the role of arts and culture in defining our place in the world and our capacity for strengthening relationships around the globe.

Cultural interaction facilitates relationships across the island of Ireland whose importance goes beyond the cultural sphere. Culture operates beyond borders and boundaries, thus facilitating cross-community and cross-cultural understanding at the deepest level. Creative Ireland will nurture such relationships and will continuously explore new ways in which culture and creativity can bring people together on this island.

Cultural and creative activities which help foster reconciliation on the island will continue to be supported by the Department of Foreign Affairs and Trade’s Reconciliation Fund. Local authorities and state bodies will be encouraged to co-operate on a cross-border basis within the framework of Creative Ireland.

Creative Ireland will also support the mission of Culture Ireland, the Division of the Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs responsible for the promotion of Irish arts worldwide, as it continues to present the richness and quality of Irish creativity to international audiences.

Creative Ireland will support existing initiatives in the creative industries and promote further collaborative efforts involving agencies such as Enterprise Ireland and The Design & Crafts Council of Ireland, drawing on all available resources to facilitate the best and most effective creativity initiatives for enterprise.

Creative Ireland will, to the greatest extent possible, seek to integrate its activities with Creative Europe—the EU programme for the cultural and creative sectors for the years 2014-2020.

 

Cuireann Éire Ildánach i gcomhthéacs an Clár do Rialtas Comhpháirtíochta ina ndeirtear:

  • Gur dlúthchuid ríthábhachtach de Stát na hÉireann na healaíona agus an cultúr
  • Go gcreidtear gur don uile dhuine na healaíona agus gur gá teacht a bheith níos furasta ar na healaíona agus rannpháirtíocht a bheith níos coitianta sna healaíona, borradh a chur faoi thionscail na cruthaitheachta agus an oidhreacht a chaomhnú

Is é Éire Ildánach an príomhbhealach forfheidhmithe do na tosaíochtaí atá aitheanta sa chreatpholasaí sin a fhéachann leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Gur mó an rath a bhíonn mar shochaí ar an gcineál a dhéanann infheistíocht i gcúrsaí ealaíon agus oidhreachta.

Le Éire Ildánach glactar leis na luachanna agus na prionsabail ardleibhéil atá leagtha amach in Cultúr 2025/Éire Ildánach a bhfuil sé mar aidhm leo:

  • Saol gach duine a shaibhriú trí rannpháirtíocht i saol cultúrtha an náisiúin
  • Deiseanna a chruthú do bhreis rannpháirtíochta i measc na saoránach, go háirithe do dhaoine nach bhfaigheann deiseanna den sórt sin faoi láthair
  • Ardaidhm, fiontar, nuálaíocht agus barr feabhais a spreagadh in earnálacha na cruthaitheachta agus an chultúir
  • A chinntiú go bhféachtar ar an gcultúr mar chroí-chomhpháirt den obair ar fud an Rialtais
  • Aitheantas agus tacaíocht a thabhairt don chion tairbhe a dhéanann an earnáil dheonach maidir le cúrsaí cultúir
  • A chinntiú go bhfuil córas láidir ann lena ndéantar oidhreacht chultúrtha na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn
  • Tacú le húsáid na Gaeilge, lena ngabhann pobail bheoga Ghaeltachta agus le líonraí eile teanga
  • Cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar an ardán idirnáisiúnta
  • Meicníochtaí dea-dheartha maoinithe a úsáid chun an fhís seo a mhaoiniú.

Is é Éire Ildánach an príomhbhealach forfheidhmithe do na tosaíochtaí atá aitheanta sa chreatpholasaí sin a fhéachann leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An cultúr a chur ag croílár ár saol
  • An chruthaitheacht a chothú
  • Ár n-oidhreacht chultúrtha agus ár dtraidisiúin chultúrtha a cheiliúradh
  • Aitheantas a thabhairt dá thábhachtaí atá an cultúr i sochaí bheoga
  • Comhoibriú a dhéanamh mar ghnás as seo amach
  • Béim a leagan ar an ngné idirnáisiúnta
  • Freagairt don ré dhigiteach.

Déanfar an Chairt maidir leis na hEalaíona i gcúrsaí Oideachais, faoi mar atá le fáil i gcomhcháipéis polasaí de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus na Roinne Oideachais agus Scileanna, Cairt na nEalaíon san Oideachas (2012) a chothú agus seasamh léi mar chuid den chlár oibre ag Éire Ildánach. Luaitear ansin:

Creidimid gur gá díriú ar an gcruthaitheacht ionas go mbeidh sí lárnach i dtodhchaí na sochaí agus na tíre seo. Is iad na healaíona an chéad bhlaiseadh a fhaighimid ar shaibhreas seo na cruthaitheachta, agus tagaimid leis na healaíona a chur i gcroílár an chórais oideachais seo againn i dteannta ábhair eile.

Tá tionscadail taighde eile ar tugadh maoiniú ina leith ón státchiste trínar léiríodh ceangal díreach idir an chruthaitheacht atá bunaithe ar na healaíona agus folláine i gcomhthéacsanna éagsúla. Tuigtear go forleathan mar shampla an tábhacht atá leis na healaíona i ndáil le réimse na meabhairshláinte. Áirítear ar na samplaí praiticiúla den cheangal idir na healaíona agus leas an duine:

  • An tionscadal maidir leis na hEalaíona i Láithreacha Cúraim a chuir Age and Opportunity ar bun agus é d’aidhm leis go mbeadh na healaíona agus an chruthaitheacht ina ndlúthchuid de shaol daoine scothaosta agus iad faoi chúram
  • Design & Dignity, tionscadal i gcomhar idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Foras Ospíse na hÉireann trína dtugtar ardchaighdeán ealaíne, dearthóireachta agus ailtireachta i bhfeidhm i láithreacha deireadh saoil, go háirithe in ospidéil phoiblí – a n-admhaítear toradh tairbheach den suntas a bheith air maidir leo siúd atá ag saothrú an bháis, iad siúd atá faoi mhéala, lucht foirne na n-ospidéal agus lucht cúraim
  • Cláir ealaíon sna príosúin, scéimeanna na Comhairle Ealaíon maidir le scríbhneoireacht sa phríosún agus na hamharcealaíona sa phríosún san áireamh, a n-aithnítear go coitianta gur cuidiú iad maidir le haititimeachas a mhaolú agus le hathshlánú agus féinmhuinín a thabhairt chun cinn.

An tOileán Domhanda: Beartas Eachtrach na hÉireann maidir le Domhan atá ag Athrú (2015) go bhfuil ‘an cultúr Gaelach ina chultúr coiteann domhanda, agus go n-aithníonn daoine an cultúr sin agus go leanann siad é cé go bhféadfadh nach bhfuil ceangal ar bith eile acu le hÉirinn.’

Áitítear mar seo a leanas san athbhreithniú sin freisin: ‘Trí bhíthin na taidhleoireachta cultúrtha, is cinnte go neartófar an caidreamh atá cothaithe againn lenár bpobail diaspóra agus na comhpháirtíochtaí atá againn ar fud na cruinne.’ Léiríodh deimhniú leis an tuairim sin trí obair líonra na n-ambasáidí i rith na bliana 2016 agus feictear go bhfuil tábhacht anmhór le cúrsaí ealaíon agus cultúir maidir le háit na hÉireann ar fud an domhain agus an acmhainn atá ionainn treisiú leis an gcaidreamh ar fud an domhain.

Cothaítear caidrimh ar fud oileán na hÉireann mar gheall ar idirghníomhaíocht chultúrtha a dtéann a dtábhacht níos faide ná réimse an chultúir. Oibríonn an cultúr trasna teorainneacha ionas gur féidir tuiscint a chothú idir pobail agus cultúir éagsúla ar leibhéal an-domhain. Déanfar caidreamh den chineál sin a chothú faoi Éire Ildánach agus déanfar modhanna nua a fhiosrú go leanúnach trínar féidir leas a bhaint as cultúr agus cruthaitheacht chun daoine ar an oileán seo a thabhairt le chéile.

Leanfar ar aghaidh ag tacú le gníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha trí Chiste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Spreagfar údaráis áitiúla agus comhlachtaí stáit chun comhoibrithe ar bhonn tras-teorann laistigh de chreat Éire Ildánach.

Cuideoidh Clár Éire Ildánach freisin le misean Chultúr Éireann, an Rannóg de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar a leagtar de chúram ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain, de réir mar a bhíonn ardáin á bhforbairt chun iléagsúlacht agus ardchaighdeán chruthaitheacht na hÉireann a chur chun cinn don lucht éisteachta agus féachana thar lear.

Cuideoidh Éire Ildánach le tionscnaimh atá ar bun cheana féin maidir le tionscail na cruthaitheachta agus cuirfear comharbhearta breise chun cinn lena mbaineann gníomhaireachtaí de leithéid Fiontraíocht Éireann agus Comhairle Dearthóireachta agus Ceardaíochta na hÉireann, an príomhchrann taca ag tionscal na dearthóireachta agus na ceardaíochta.

Déanfaidh an clár Éire Ildánach a chuid gníomhaíochtaí a fhí a mhéid is féidir le gníomhaíochtaí An Eoraip Chruthaitheach—Clár na hEorpa do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta do na blianta 2014-2020.

Year 1 Programme

Clár Bhliain 1

The following ten initiatives will be completed and in place by the end of 2017:

Déanfar na deich dtionscnamh seo a leanas a thabhairt chun críche agus a chur ar bun roimh dheireadh na bliana 2017:

1. A national plan to enable every child in Ireland to access tuition in music, drama, art and coding

2. A Culture and Creativity plan in every county

3. A Culture Team, Director-led, configured to local needs, in every county

4. Cruinniú na Cásca programme

5. The Departments of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs and Social Protection will work together to devise a mechanism to assist selfemployed artists who have applied for Jobseekers Allowance. This would be a pilot scheme.

6. A plan for the development of each National Cultural Institution to 2022

7. A five year capital investment programme for the culture and heritage sector

8. An industry-wide, long-term plan, for Ireland as a global hub for the production of Film, TV Drama, and Animation

9. A unified international identity and communications programme for Ireland

10. A new Creative Ireland Forum conference to showcase the best national and international thinking will have taken place.

1. Plean náisiúnta le deis a thabhairt do gach leanbh in Éirinn teagasc sa cheol, sa drámaíocht, san ealaín agus sa chódúchán a thapú

2. Plean Cultúir agus Cruthaitheachta i ngach contae

3. Meitheal Cultúir, faoi cheannas Stiúrthóra, arna cóiriú de réir riachtanais an cheantair, i ngach contae

4. Clár Chruinniú na Cásca

5. Oibreoidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le chéile le meicníocht a cheapadh, mar scéim píolótach, le cabhair a thabhairt d’ealaíontóirí féinfhostaithe a bhfuil iarratas déanta acu ar Liúntas Cuardaitheora Poist

6. Plean maidir leis an bhforbairt a dhéanfar ar gach Foras Cultúir faoin mbliain 2022

7. Clár cúig bliana maidir leis an infheistíocht chaipitil in earnáil an chultúir agus na hoidhreachta

8. Plean fadtéarmach, a dtagann an tionscal ar fad faoina scáth, i ndáil le hÉirinn mar mhol domhanda don léiriúchán i gcúrsaí Scannánaíochta, Drámaíocht Teilifíse agus Anamúlachta

9. Clár cumarsáide agus féiniúlacht idirnáisiúnta aontaithe d’Éirinn

10. Beidh comhdháil de chuid Fhóram Éire Ildánach ag ar cuireadh an chuid is fearr den smaointeoireacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ar taispeáint tar éis tarlú.

Structure, Governance and High-level Tasks

Struchtúir, Cúrsaí Rialachais agus Bearta Oibre Ardleibhéil

The structural elements of Creative Ireland are:

Seo a leanas na gnéithe infreastruchtúir a bhaineann le Éire Ildánach:

  • A Cabinet Committee chaired by An Taoiseach
  • A Senior Officials Group, led by the Secretary General of the Department of An Taoiseach, comprising senior civil servants from each relevant Department
  • A dedicated Project Office, located in the Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs.

A critical success factor for Ireland 2016 was the unprecedented level of inter-departmental and inter-agency collaboration. Creative Ireland will implement the lessons learned in this regard, creating a collaborative, crossgovernment initiative, and a model that can be mirrored at local level.

The core work of Creative Ireland is creating and sustaining functional and productive partnerships with all identified agencies built on detailed work-plans, with tangible outcomes, that will be developed in consultation with each partner organisation.

In addition to the key government Departments and local government structures, other partners involved in Creative Ireland will include the third level sector, arts and culture organisations (including the National Cultural Institutions), media organisations, the Arts Council, the Heritage Council, the Irish Film Board, Enterprise Ireland, IDA Ireland, Tourism Ireland, Fáilte Ireland, Bord Bia, Science Foundation Ireland, Údarás na Gaeltachta, An Foras Teanga, the Design and Craft Council, the Western Development Commission, and other organisations in the arts, culture, Irish language, education, child development, design, science and technology sectors.

  • Coiste Comhaireachta faoi chathaoirleacht an Taoisigh
  • Grúpa Oifigeach Sinsearach, faoi stiúir Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh, ar a mbeidh státseirbhísigh sinsearacha as gach ceann de na ranna rialtais lena mbaineann
  • Oifig Tionscadail faoi leith, lonnaithe sa Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ar cheann de na tosca ba chinniúnaí maidir leis an rath a bhí ar Éire 2016, bhí an obair i gcomhar idir ranna rialtais agus gníomhaireachtaí rialtais ar leibhéal nach bhfacthas riamh cheana. Cuirfidh Éire Ildánach a bhfuil foghlamtha ina leith seo i bhfeidhm ionas go gcruthaítear tionscnamh comharoibre trasrialtais a bheidh ina mhúnla aithrise ar an leibhéal áitiúil.

Is í an phríomhobair atá le déanamh ag Éire Ildánach páirtnéireacht thairbheach agus feidhmiúcháin a chruthú agus a chothú leis na gníomhaireachtaí ar fad a thugtar san áireamh agus sin bunaithe ar phleananna mionsonraithe oibre, lena luaitear torthaí follasacha, arna leagan amach i gcomhairle le gach eagraíocht páirtnéireachta faoi leith.

Chomh maith leis na Príomhranna Rialtais agus na struchtúir rialtais áitiúil i measc páirtnéirí eile atá páirteach in Éire Ildánach beidh an earnáil tríú leibhéal, eagraíochtaí ealaíon agus cultúir (lena n-áirítear na Forais Náisiúnta Cultúir), eagraíochtaí meán cumarsáide, an Chomhairle Ealaíon, an Chomhairle Oidhreachta, Bord Scannán na hÉireann, Fiontraíocht Éireann, IDA Éireann, Turasóireacht Éireann, Fáilte Ireland, Bord Bia, Fondúireacht Eolaíochta Éireann, Údarás na Gaeltachta, An Foras Teanga, Comhairle Dearthóireachta agus Ceardaíochta na hÉireann, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus eagraíochtaí eile sna hearnálacha ealaíon, cultúir, Gaeilge, oideachais, forbartha leanaí, deartha, eolaíochta agus teicneolaíochta.