Skip to main content

Náisiún
Ildánach

Tugann Grafton Architects mionsonraí faoi phleananna le haghaidh Biennale na Veinéise ag Caisleán Bhaile Átha Cliath

Nochtfaidh Grafton Architects a gcuid pleananna i gcomhair Biennale na Veinéise, 2018 ag ócáid speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tá clú agus cáil ar fhísithe ailtireachta na hÉireann in 2018 le Grafton Architects a bhfuil cáil dhomhanda orthu ag stiúir coimeádaíochta Biennale na Veinéise.

Seo é an chéad uair riamh ag ailtirí Éireannacha an cúram coimeádaíochta a ghlacadh orthu féin, an gradam is airde san ailtireacht meastar. Tá Yvonne Farrell agus Shelley McNamara ó Grafton Architects ag tabhairt Freespace ar an 16ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta.

Tá siad díreach tar éis Bonn Óir RIAI a bhuachan, gaisce ailtireachta na hÉireann, as a ndearadh eisceachtúil ar Università Bocconi in Milano na hIodáile. Céim nua eile nár tharla riamh cheana sa Biennale cáiliúil ná go mbeidh ócáid mhór meán ar bun i gcathair dhúchais Grafton Architects an 5 Márta.

Déanann Yvonne Farrell agus Shelley McNamara cur síos ar Freespace mar “gnaíúlacht agus daonnacht i gcroílár an chláir ailtireachta, ag díriú ar an gcaighdeán spáis féin” agus mar “saoirse samhlaíochta, spás saor an ama agus na cuimhne, ag nascadh an tsaoil atá caite, leis an saol mar atá agus mar a bheidh, ag tógáil ar shraitheanna cultúrtha, agus ag snoí an tsean-ruda leis an rud nua”. Den chéad uair ó fógraíodh a dtéama roghnaithe an bhliain seo caite, tabharfaidh an bheirt léargas ar a gcuid pleananna i gcomhair na Veinéise agus na dtaispeántas a mbeidh baint speisialta acu leo ag Arsenale agus Central Pavilion.

Beidh an ócáid ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Luain, 5 Márta, i ndiaidh ócáide sa Veinéis agus roimh ócáid eile i Londain. Déanfar sruthú beo ar an taispeántas iontach seo ar leathanach Facebook Éire Ildánach óna 11am. Pléifidh McNamara agus Farrell a dtéama Freespace, an chaoi ar mhúnlaigh siad an taispeántas, agus inseoidh siad dúinn cé a bheidh rannpháirteach sa 16ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta. Beidh an ócáid á hóstáil ag an Aire Madigan. Tabharfaidh meitheal Ardán Náisiúnta na hÉireann léargas freisin ar roinnt dá gcuid pleananna agus cuirfidh Uachtarán La Biennale, Paolo Baratta, a chuid pleananna i láthair le haghaidh Biennale 2018.

Bunaíodh an gnólacht in 1978, agus é ar an bhfórsa cruthaitheach taobh thiar de na scórtha foirgnimh bhreátha in Éirinn agus thar lear, lena n-áirítear an Universidad de Ingeniería Tecnología i Líoma, Peiriú, a bhain amach duais don fhoirgneamh is fearr ó Ghradaim Institiúid Ríoga Ailtirí na Breataine in 2016.

Léireoidh an téama Freespace cumas gan teorainn na hailtireachta chun saol an duine a fheabhsú ó lá go lá, agus beidh an 16ú Taispeántas Ailtireachta Idirnáisiúnta ag Biennale na Veinéise ar oscailt don phobal ón 26 Bealtaine go dtí an 25 Samhain 2018.

 

Creative Ireland // Grafton Architects

Open Video

Stay up to date

×