Skip to main content
Tania Banotti


Nuacht

Tania Bannotti fógartha mar stiúrthóir Éire Ildánach

Beidh Banotti i mbun thionscnamh suaitheanta na hÉireann de bheartas folláine agus cruthaitheachta an rialtais uile.

Ceapadh Tania Banotti mar Stiúrthóir nua Éire Ildánach, plean cúig bliana an Rialtais chun na healaíona cruthaitheacha a chur i gcroílár pobal ar fud na hÉireann. Tógann Banotti an post ar láimh ón iar-Stiúrthóir John Concannon, agus an taithí fhorleathan atá aici ar na healaíona agus ar fhógraíocht á dtabhairt léi aici, agus cúlra aici freisin sna meáin, i gcúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta. Is é Concannon ceannaire Aonad Cumarsáide Straitéisí an Taoisigh anois.

Bhí Banotti mar Phríomhfheidhmeannach le déanaí ar Institiúid na gCleachtóirí Fógraíochta in Éirinn (IAPI). Sular ghlac sí leis an bpost ag IAPI in 2012, áit ar chuir sí roinnt feachtas nua ar bun – lena n-áirítear iarracht rathúil ar bhaill nua a mhealladh – bhí Banotti mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhóram Téatair na hÉireann, áit ar oibrigh sí ar feadh naoi mbliana chun an eagraíocht a leathnú agus a chur chun cinn mar phríomhghrúpa taibhealaíon na hÉireann.

Ag IAPI, bhí Banotti i mbun iarrachtaí chun mná a chur chun cinn san ionad oibre, agus sheol sí Dámhachtainí Doyenne in 2014. Bhí sí lárnach freisin san iarracht an IAPI a chur ag obair le Féile Cannes.

“Bhí bord IAPI sa tóir ar dhuine ag a mbeadh teistiméireacht cheannaireachta den scoth agus atá in ann ionadaíocht stuama a dhéanamh orainn,” a dúirt an iar-Uachtarán IAPI agus ceannaire Dentsu Aegis Ireland, Liam McDonnell, a thug moladh do Banotti as a cumas sraith páirtithe leasmhara IAPI a tharraingt le chéile trína tallann agus taithí shuntasach.

Ag tréaslú le Banotti ina ról nua, dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. inniu: “Níl aon amhras orm ach go gcuideoidh sí go mór le hobair Éire Ildánach agus go leanfaidh sí ‘ar cur na cruthaitheachta i gcroílár an bheartais phoiblí’.”

Maidir lena ról nua, dúirt Banotti: “Táim fíor-ríméadach gur ceapadh mé sa ról seo. Is tionscnamh thar a bheith uaillmhianach é Éire Ildánach. D’oibrigh mé ar go leor de spriocanna an chláir ar feadh mo shaoil ghairmiúil ar fad mar sin táim ag tnúth le tosú.”

Tá máistreacht i scannán agus i gcúrsaí teilifíse ag Banotti ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus rinne sí staidéar ar pholaitíocht agus eacnamaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is í Tania iníon an iar-Fheisire Parlaiminte as Fine Gael Mary Banotti agus neacht an iar-aire rialtais Nora Owen, agus bunaitheoir agus iar-Phríomhfheidhmeannach Screen Producers Ireland (SPI). D’oibrigh sí freisin tráth don Fheachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon (NCFA).

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×