Skip to main content
Irish Community Archive Network


Nuacht

Stair áitiúil ina beatha ar líne

Tá Líonra Chartlanna Pobail na hÉireann ag tabhairt spreagadh do gach duine againn ár stair áitiúil uathúil a bhailiú agus a chaomhnú i bhfoirm dhigiteach.

A bhuíochas do chomhpháirtíocht Ard-Mhúsaem na hÉireann leis an gClár Éire Ildánach, tá pobail ar fud na tíre á spreagadh chun déantáin a n-oidhreachta áitiúla, nach féidir a athsholáthar, a dhoiciméadú agus a chosaint i bhfoirm dhigiteach. Oibríonn Líonra Chartlanna Pobail na hÉireann (iCAN) le grúpaí deonacha pobail chun cartlanna digiteacha ar líne a chruthú a dhéanann taifeadadh agus léiriú ar stair, oidhreacht agus cultúr áirithe gach ceantair.

Is minic a bhraitheann neart pobail ar an gceangal a mhothaíonn na daoine leis. Le iCAN, treisítear saoránacht ghníomhach agus tagann fás ar rannpháirtíocht chruthaitheach fheiceálach leis an oidhreacht chultúrtha. Ó shean-ghrianghraif go teastais bhreithe, bréagáin leanaí go huirlisí ceoil, gan trácht ar na scéalta a thugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin, cuireann siad go léir leis an meascán mearaí arb ionann é agus scéal do phobal-sa. Le cartlanna pobail, tugtar spreagadh dúinn go léir comhoibriú agus úinéireacht a ghlacadh ar na bailiúcháin áitiúla seo. Ach bheith rannpháirteach, cuirtear ar chumas an phobail féin a scéal a choimeád ar láithreáin ghréasáin shaintógtha de ‘chartlanna pobail’. Leis sin, cinntítear go mbíonn gach cineál déantán agus cuimhne cinn stóráilte ar líne go sábháilte do na glúine atá le teacht agus don diaspóra i bhfad uainn ar mian leo ceangal leis an mbaile.

Ós rud é gur Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha é 2018, níl am níos fearr chun tús a chur leis an bpróiseas i do phobal-sa. Is cleachtas sách nua é ‘cartlannú pobail’ in Éirinn agus is é Ard-Mhúsaem na hÉireann an chéad Fhoras Náisiúnta Cultúir chun tionscadal mar seo a éascú. Ní fhéadfaí na tionscadail seo a chur i gcrích gan na hoibrithe deonacha ón bpobal a chuireann tús leo ina gceantar féin. Tá oibrithe deonacha pobail ag croílár na bpróiseas seo, agus tugann siad rannchuidiú suntasach, nach bhfeictear go minic, le hoidhreacht chultúrtha na tíre. Le tacaíocht agus saineolas ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, féadfaidh bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre cinneadh a dhéanamh faoi cé na déantáin ríthábhachtacha de stair, oidhreacht agus cultúr na hÉireann a dhéanfar a chaomhnú agus a cheiliúradh do lucht féachana domhanda agus áitiúil.

Agus léargas nach bhfacthas riamh cheana á fháil ar shaol agus ar stair phobail ar leithligh in Éirinn – go háirithe de bharr nár foilsíodh riamh cheana go leor de na grianghraif, na taifid, na teistiméireachtaí béil agus na cuimhní cinn – féadfaidh tú tuiscint agus meas a fháil ar stair do phobail ach bheith rannpháirteach ag www.ouririshheritage.org

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×