Skip to main content
Creative Ireland Programme Scheme


Nuacht

Próiseas measúnaithe Scéim Chlár Éire Ildánach

Déanann painéal ar a bhfuil naonúr saineolaithe ó raon leathan réimsí maoirseacht ar an bpróiseas measúnaithe.

De réir na dtreoirlínte eisithe i ndáil le Scéim Chlár Éire Ildánach, roghnaíodh painéal saineolaithe seachtracha chun cúnamh a thabhairt le measúnú a dhéanamh ar na tograí a fuarthas faoi Scéim nua Chlár Éire Ildánach 2018/19.

Agus é mar aidhm leis réimse comhpháirtithe straitéiseacha a shainaithint, tacaíocht a thabhairt dóibh agus comhoibriú leo ar thionscadail nuálacha shuimiúla, cuireadh deontais €10,000 agus €70,000* ar fáil do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí, do ghrúpaí pobail, do choláistí, d’institiúidí cultúrtha, agus do dhreamanna eile, trí scéim 2018/2019.

Painéal na Saineolaithe

  • An Dr Pat Bogue, bunaitheoir Broadmore Research & Consulting, sainchomhairleoir neamhspleách taighde.
  • Maeve Butler, Stiúrthóir Cúnta Gníomhach Ealaíon ag Waterford Healing Arts Trust.
  • Dominic Campbell, comhbhunaitheoir Creative Aging International.
  • Karen Downey, coimeádaí, léiritheoir agus sainchomhairleoir ealaíon, comhalta boird de Temple Bar Gallery + Studios.
  • Róise Goan, cláraitheoir neamhspleách ealaíon agus comhalta boird de Macnas agus The Lir.
  • Lorelei Harris, déantóir clár faisnéise raidió a bhfuil gradaim buaite aici agus sainchomhairleoir cultúrtha.
  • Hugh Maguire, comhairleoir oidhreachta cultúrtha, léachtóir agus coimeádaí.
  • Kerry McCall Magan, ceann na gClár Acadúil, Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath.
  • An Dr Ailbhe Murphy, ealaíontóir agus Stiúrthóir ar Create, an ghníomhaireacht forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach in Éirinn.

 

Foghlaim tuilleadh faoi Panel of Experts Biographical Information revised

Stay up to date

×