Skip to main content


Nuacht

Illuminating Limerick: Light Moves

Ar ais don cheathrú bliain, tugtar cuireadh duit go féile idirnáisiúnta dhamhsa, scannáin agus ealaíona na meán i gCathair Luimnigh an Samhain seo.

Tá clár tarraingteach 2017 Light Moves ag tabhairt cuireadh do lucht féachana amharc ar dhamhsa trí lionsa éagsúil agus é lán le saothar nua agus reatha a bhfuil ábhar machnaimh ann. Rachaidh daoine gur maith leo damhsa agus scannán, mar aon le daoine nua, ar thuras inspioráide agus spreagthach fionnachtana, gluaiseachta agus léirithe.

Á reáchtáil go bliantúil i gCathair Luimnigh bheoga, léiríonn an fhéile, a bheidh ar bun i mbliana ón 2-5 Samhain, réimse beoga agus leathan an scannáin damhsa agus an damhsa scáileáin in Éirinn agus thar lear. Meascán atá sa damhsa scáileáin de chineamatagrafaíocht agus cóiréagrafaíocht, as a dtagann gearrscannáin thumthacha agus spreagúla. Thar thrí lá lán léargais, cuireann Light Moves scannáin, gearrscannáin, saothair le cuireadh agus aighneachtaí oscailte i láthair ina dtaispeántar damhsóirí, déantóirí scannáin agus ceoltóirí den chéad scoth as Éirinn agus chomh fada ó bhaile leis an tSín agus an Iaráin. Cuireann Light Moves Saotharlann agus Siompóisiam Damhsa Scáileáin ar stáitse chomh maith le roinnt de na daoine is mó a bhfuil meas orthu sa réimse fíorspéisiúil seo.

Meascán atá sa damhsa scáileáin de chineamatagrafaíocht agus cóiréagrafaíocht, as a dtagann gearrscannáin thumthacha agus spreagúla.

Áirítear i measc roinnt d’aíonna 2017 ealaíontóirí agus saothair Éireannacha cosúil le Falling Out of Standing leis an gcompántas clúiteach CoisCéim Dance Theatre agus Anú, le cóiréagrafaíocht le David Bolger, Owen Boss agus Louise Lowe. Stiúrann Dearbhla Walsh agus déanann Fearghus Ó Conchúir cóiréagrafaíocht ar I’m Roger Casement; stiúrann Maurice Gunning Sekar Arum – Forging The Irish World Academy Javanese Gamelan; agus gabhann Amanda Coogan: Long Now taispeántas trom sé seachtaine beo an taibh-ealaíontóra as Baile Átha Cliath.

Cuireann cruthaitheoir Fhéile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath Ríonach Ní Néill I Modh Rúin i láthair, ina n-insítear scéal ban a chuaigh i gcoinne an status quo agus a thóg a gclann mar Ghaeilgeoirí. Tugtar le fios in See the Man, le cóiréagrafaíocht le Maria Nilsson Waller agus á stiúradh ag Jose Miguel Jimenez, coicís i saol foireann sacair lena n-áirítear taibhiú damhsa le ceol Tchaikovsky. Stiúrann Jimenez Medicated Milk chomh maith, le cóiréagrafaíocht le hÁine Stapleton, athinsint ar shaol Lucia Joyce, damhsóir gairmiúil agus iníon le James Joyce agus Nora Barnacle.

Tugann an fhéile an damhsa scannáin chuig roinnt láithreacha i Luimneach, lena n-áirítear baile Dhamhsa Luimnigh i gCearnóg Eoin ina bhfuil Séipéal Naomh Eoin stairiúil, Belltable, Dánlann Chathair Luimnigh agus Ollscoil Luimnigh.

Chun tuilleadh a fhoghlaim, amharc ar an gclár tarraingteach ag LightMoves.ie

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×