Skip to main content
Vermeer, Woman Writing a Letter with her Maid, National Gallery Ireland


Nuacht

An Gailearaí Náisiúnta á athoscailt i ndiaidh sé bliana d’obair mhór athchóirithe

Le cois 16,300 saothar ealaíne, tá pobal na hÉireann chun tairbhe a bhaint as nuachóiriú mórthaibhseach an Fhorais Náisiúnta Cultúir seo.

Agus é ag feidhmiú mar rabhchán ealaíne agus cultúir ó d’oscail sé a dhoirse do phobal na hÉireann den chead uair in 1864, osclaíonn Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ina iomláine ar an 15 Meitheamh tar éis athchóiriú mionchúiseach agus nuachóiriú.

Tá bunathrú álainn chun feabhais déanta ar sciatháin stairiúla, Dargán agus Baile an Mhuilinn, le cur i láthair buan nua de bhailiúcháin thaiscí an ghailearaí ag áireamh saothar le Rembrandt, Caravaggio, Vermeer, Goya, Monet agus Picasso. Déan tú féin a shá isteach sa bhailiúchán clúiteach agus dúthrachtach d’ealaín na hÉireann, áit a dtugtar tús áite do shaothar Daniel Maclise, Roderic O’Conor, John Lavery, William Orpen, Sheáin Keating, Evie Hone, Norah McGuinness, Jack B Yeats agus Louis le Brocquy.

Tá mórdhúil le Vermeer agus Mórealaíontóirí na Péinteála Seánra: Inspioráid agus Iomaíocht, a bheidh mar an chéad taispeántas ag an ngailearaí nuachóirithe a osclófar Dé Sathairn, an 17 Meitheamh.

Mar chuid lárnach den tionscadal mór seo ar caitheadh na milliúin euro air tá ionad fuinnimh faoi thalamh den chineál is úire ina ritear seirbhísí riachtanacha don ghailearaí ina iomláine. Bainfidh cuairteoirí sult as na bunghnéithe nua-nochta ailtireachta ón 19ú haois, le fuinneoga mórga a bhreathnaíonn amach ar chlós mór geal a chruthaigh Ailtirí Heneghan Peng. Is sa chlós sin atá Magnus Modus, dealbh drámata le Joseph Walsh, suite.

Tá bunathrú álainn chun feabhais déanta ar sciatháin stairiúla, Dargán agus Baile an Mhuilinn, le cur i láthair buan nua de bhailiúcháin thaiscí an ghailearaí ag áireamh saothar le Rembrandt, Caravaggio, Vermeer, Goya, Monet agus Picasso.

Thug na sé bliana d’obair mhór athchóirithe deis chun suirbhéireacht fairsing, taighde agus caomhnú a dhéanamh ar 450 saothar ó bhailiúcháin buan an ghailearaí, ag áireamh saothar sárailleachta 1854 Daniel Maclise Pósadh Strongbow agus Aoife.

Agus 2017 mar dhíol suntais ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, tá féilire cuimsitheach de thaispeántais atá beartaithe ar bun, lena n-áirítear:

  • Margaret Clarke (1864-1961): Spiorad Neamhspleách (go dtí an 20 Lúnasa 2017)
  • Vermeer agus Mórealaíontóirí na Péinteála Seánra: Inspioráid agus Iomaíocht (17 Meitheamh – 17 Meán Fómhair 2017)
  • Käthe Kollwitz: Beatha, Bás agus Cogadh (6 Meán Fómhair – 10 Nollaig 2017)
  • Frederic William Burton (23 Deireadh Fómhair 2017 – 14 Eanáir 2018)
  • Iarmhairt: Tírdhreacha Cogaidh le William Orpen (11 Samhain 2017 – 11 Feabhra 2018)

Le cois 16,300 saothar ealaíne, as a bhfuil le cois 650 ar taispeántas, tá pobal na hÉireann chun tairbhe a bhaint as nuachóiriú mórthaibhseach an Fhorais Náisiúnta Cultúir seo. Bíonn cead isteach saor in aisce i gcónaí go dtí an bailiúchán buan agus bíonn an gailearaí féin oscailte 361 lá sa bhliain, mar sin ní raibh am níos fearr riamh ann le cuairt a thabhairt air.

Stay up to date

×