Skip to main content
Paul Muldoon by Beowulf Sheehan


Nuacht

Éigse Éireann: Áras nua, tús nua

Teach cathrach stairiúil Sheoirseach ar Chearnóg Parnell le bheith mar áras nua ag Éigse Éireann.

Is fada cáil ar Éirinn de bharr a cuid laochra filíochta, agus is caoithiúil an rud é mar sin go dtabharfaí ceanncheathrú oifigiúil don fhoirm ealaíne sin i gceann de na tithe cathrach is áille agus is stairiúla atá 250 bliain d’aois ar chéad chearnóg Sheoirseach na cathrach. Fuair Éigse Éireann agus Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann cead pleanála le déanaí chun athchóiriú forleathan a dhéanamh ar Uimh. 11 Cearnóg Parnell le bheith mar Lárionad ag Éigse Éireann. Tá sé i gceist go mbeadh an foirgneamh mar mhol cultúrtha, beidh Leabharlann d’Fhilíocht Saothair Séamus Heaney atá saindeartha, spásanna taibhléirithelimistéar ceardlainne do gach aois agus neart eile san fhoirgneamh freisin.

Tá beagnach €1 milliún i gcistí cruinnithe go dtí seo, agus tá Éigse Éireann agus Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann ag cur tús anois le feachtas bailithe airgid chaipitil chun an €4 milliún atá fágtha a bhailiú, airgead a theastaíonn chun an chéad chéim eile i saol an fhoirgnimh a chur ar bun. Gealltar leis an athchóiriú uaillmhianach tionchar buan agus suntasach a imirt ar shaol cultúrtha agus liteartha na tíre, mar aon le borradh mór a chur faoi athnuachan lár chathair thuaidh Bhaile Átha Cliath.

Is áit chónaithe phríobháideach a bhí sa limistéar cónaithe ba cháiliúla sa chathair ag an am, Uimh. 11 a thóg Luke Gardiner, duine d’fhorbróirí físeacha Bhaile Átha Cliath sa ré Sheoirseach. Is iomaí cruth a bhí air ina dhiaidh sin, bhí an Club Náisiúnta ann, club do bhaill a mbíodh bé WB Yeats Maud Gonne ina cuairteoir ann go minic agus an náisiúnach John O’Leary, a bhí i ndán cáiliúil Yeats ‘September 1913’. Is i seomra comhairle breá an fhoirgnimh atá an suíomh le haghaidh ‘Ivy Day in the Committee Room’, ceann de ghearrscéalta aitheanta James Joyce ‘Dubliners’.

“Tá Amharclann na Mainistreach ag lucht drámaí, tá an Ceoláras Náisiúnta ag lucht ceoil, tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ag lucht péintéireachta, mar sin nach bhfuil sé in am áras a thabhairt freisin do lucht na filíochta, teampall na filíochta mar a déarfá. Áit éigin lenar féidir linn a mhaíomh anseo in Éirinn go bhfuil an fhilíocht an-tábhachtach.” – Olivia O’Leary

Áireofar leis na hoibreacha athchóirithe, faoi stiúir McCullough Mulvin Architects, athchóiriú stuama ar an teach a bhfuil cúrsaí caomhnaithe curtha san áireamh ann. Feicfear bialann neamhspleách in íoslach an fhoirgnimh nua, agus beidh Lárionad Éigse Éireann ar urlár na talún agus ar an gcéad urlár, mol cultúrtha bríomhar ina mbeidh spásanna léirithe agus ceardlainne galánta, caifé agus siopa leabhar, agus an tseoid is luachmhaire dá bhfuil ann, Leabharlann d’Fhilíocht Saothair Séamus Heaney.

Foirgneamh den scoth ag gabháil le forais chultúrtha an cheantair cosúil le Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath, Músaem Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Ionad James Joyce agus Amharclann an Gate, féach ar físeán gearr Éigse Éireann faoin ngné ealaíonta breise seo ina bhfuil filí cosúil le Paula MeehanPaul Muldoon, agus iar-Leas Uachtarán na SA Joe Biden agus an t-iriseoir Olivia O’Leary, agus neart nach iad.

Lárionad Éigse Éireann

Open Video

Stay up to date

×