Image from the film the lobster

Nuacht | Cáil Dhomhanda Cuirtear scannán Éireannach i láthair ag Féile Scannán Cannes 2017

Ainmníodh an scannán Éireannach Killing of a Sacred Deer le haghaidh an Palme d’Or clúiteach.

Tá réimse iontach de thallann scannánaíochta Éireannach ar taispeáint ag an bhféile íocónach, lena n-áirítear It’s Not Dark Yet’, MAZE agus Twice Shy; agus tá The Killing of a Sacred Deer leis an stiúrthóir Yorgos Lanthimos go mór san iomaíocht le haghaidh Palme d’Or clúiteach 2017.

Agus príomhpháirt ag Colin Farrell agus Nicole Kidman, d’fhéadfadh sé go leanfadh Lanthimos Duais Mholtóirí Cannes 2015 do The Lobster (ina raibh príomhpháirt ag Farrell freisin) leis an ngradam cineamatach inmhianaithe. Dá mbronnfaí an duais ar an scannán, bheadh sé ar an gcéad scannán Éireannach leis sin a dhéanamh ó scannán Ken Loach in 2006, The Wind that Shakes the Barley.

Tabharfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., cuairt ar Cannes mar chuid de mhisean cultúir ceithre lá ina mbeidh coinní sa Bhruiséil agus i bPáras i gceist. Tabharfaidh an tAire aitheasc d’imeacht bliantúil líonraithe Bhord Scannán na hÉireann, ar a bhfreastalóidh suas le 400 gairmí tionsclaíoch scannán Éireannach, mar chuid den fhéile agus tionólfaidh sí cruinnithe déthaobhacha le príomhtheagmhálaithe polaitiúla agus tionscail lena n-áirítear Aire Cultúir na Beilge.

Mar aon le The Lobster agus Room, a bhfuil Gradam Acadaimh buaite aige, ba é Element Pictures as Baile Átha Cliath a léirigh The Killing of a Sacred Deer le tacaíocht ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá scannáin Éireannacha á maoiniú ag Bord Scannán na hÉireann agus tá tacaíocht a thabhairt aige dóibh ó 1980 i leith, agus áirítear ar chuid de rath idirnáisiúnta suntasach Bhord Scannán na hÉireann Brooklyn, Calvary, Once agus Amhrán na Mara. 

Díolfar saibhreas de scannáin bhunaidh Éireannacha chomh maith agus dáilfear iad go hidirnáisiúnta trí Cannes i mbliana. Ón scannán grinn bunaithe i gCorcaigh le déanaí The Young Offenders go dtí Handsome Devil le John Butler agus Cartoon Saloon a ndearnadh an-léirmheas orthu agus comhoibriú beochana Angelina Jolie The Breadwinner, tairgtear deis iontach san fhéile chlúiteach Fhrancach chun chultúr scannán fairsing agus cruthaitheacht na hÉireann a thaispeáint don domhan mór.

Faigh tuilleadh eolais faoi Scannáin na hÉireann ag Cannes anseo

Cúig Cholún Éire Ildánach