Waiting for Godot

Cuirfear fáilte roimh scoth na n-ealaíontóirí Éireannacha i nDún Éideann i mí Lúnasa

01 August 2018
3 nóim á léamh

Tabharfaidh an lucht drámaíochta, damhsa agus litríochta is fearr as Éirinn aghaidh ar Albain do 71ú Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann.

Siombail ar an gcultúr is fearr sa domhan ó 1947, níor stop clár cáiliúil ealaíonta Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideannag mealladh daoine chuici riamh. Ní haon eisceacht é clár 2018, agus Cultúr Éireann ag tacú leis na healaíontóirí is fearr agus iad ag taisteal ó thuaidh faoina chlár GB18.

Cuirfidh an compántas drámaíochta Druid Theatre, a bhfuil clú air go hidirnáisiúnta, éirim, áiféis agus daonnacht mhillteach Samuel Beckett ar an stáitse leis an dráma Waiting for Godot. Agus an stiúrthóir a bhfuil Duais Tony buaite aici, Garry Hynes, á stiúradh, ní haon ionadh go ndeir léirmheastóirí go bhfuil an léiriú seo ar cheann de na léiriúcháin “is úrnua, is greannmhaire agus is corraithí den dráma a fheicfidh tú riamh.”

Cuireann Everything Not Saved fáilte romhainn cuimhne agus athchuimhne a iniúchadh, nó mar a dúirt na cruthaitheoirí Malaprop Theatre – “an saol atá caite a chothú leis an saol i láthair na huaire.” Agus iad ar cheann de na compántais nua is dinimiciúla in Éirinn, chuir an seó seo a bhfuil duaiseanna bainte amach aige lucht féachana faoi gheasa ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath anuraidh.

Cuirfear saothar de chuid an drámadóra shuntasaigh, Mark O’Rowe in éineacht le Landmark Productions, The Approach, ar stáitse in Albain. Agus róil ag na haisteoirí iontacha Cathy Belton, Aisling O’Sullivan agus Derbhle Crotty, fiosraíonn an triúr fadhb shíceolaíoch agus tragóid uafásach i dtrí chomhrá tharraingteacha.

Beidh iontas an domhain ar dhaoine a bhfuil spéis acu i ndamhsa nuair a fheicfidh siad léiriú Ballet Ireland ar Giselle. Rinne an cóiréagrafaí Francach-Spáinneach iontach Ludovic Ondiviela an chóiréagrafaíocht don léiriú dodhearmadta seo ar an scéal clasaiceach ina dtugtar aghaidh chróga ar an ngrá agus ar an bhfeallaireacht i mbealaí nua.

De réir léirmheastóirí, tá an léiriú den dráma ‘Waiting for Godot’ de chuid Druid ar cheann de na léiriúcháin “is úrnua, is greannmhaire agus is corraithí den dráma a fheicfidh tú riamh.”

Tugtar aghaidh ar chearta agus roghanna mhná na hÉireann trí scannánaíocht, guth agus gluaiseacht in WRoNGHEADED. Cuireann The Liz Roche Company an léiriú tráthúil seo ar stáitse agus é á spreagadh ag rithim fhilíocht Elaine Feeny, de réir mar a dhamhsaíonn Sarah Cerneaux agus Justine Cooper ar fud an stáitse agus scannánaíocht Mary Wycherley ar siúl ar a gcúl.

Cuirfear béim ar an bhfocal scríofa mar chuid den fhéile chomh maith, mar a mbeidh údair leabhair dhraíochtúla fantaisíochta do dhaoine óga Darren Shan (sraith ‘Cirque du Freak’) agus Derek Landy (sraith ‘Skulduggery Pleasant’) i láthair ag tús na féile.

Beidh filíocht dhátheangach (Gaeilge agus Béarla) uathúil le cloisteáil a bhuíochas le filíocht nua le Doireann Ní Ghríofa in éineacht le píosaí álainn atá cumtha ag Linda Buckley.

Beidh an t-údar as Cill Chainnigh Helena Duggan agus údar eile a bhfuil duais Booker bainte amach aige Donal Ryan ag an bhféile in éineacht le buaiteoir Dhuais Idirnáisiúnta Liteartha Bhaile Átha Cliath John Boyne, chun plé a dhéanamh ar a saothair mhóra ag imeachtaí éagsúla chomh maith. Ba chóir d’aon duine ar suim leis scríbhneoireacht mhór na hÉireann an deis seo a thapú leis na húdair seo a fheiceáil beo ar stáitse, agus seánraí éagsúla ann ó scéalta eachtraíochta do leanaí go staidéir scanrúla ar shícé na hÉireann.

Is deis iontach é seo ealaíona na hÉireann a thaispeáint do lucht féachana agus éisteachta craosach ó gach cearn den domhan – níl sa liosta seo ach sampla beag de scoth na tallainne a bheidh ar chlár na féile i nDún Éideann ón 3–27 Lúnasa 2018.

Faigh tuilleadh eolais ar na healaíontóirí Éireannacha a bheidh ar stáitse agus féach ar an gclár ar Cultúr Éireann. Tá clár iomlán na féile do 2018 ar fáil ar www.eif.co.uk