Band Aid

Cartlann Iontaobhas Band Aid bronnta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

20 December 2017
3 nóim á léamh

Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun cartlann de na céadta cáipéis a fháil ó Iontaobhas cáiliúil Band Aid de chuid Bob Geldof agus déanfar iad a dhigitiú.

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun cartlann Band Aid a thabhairt chuig lucht féachana domhanda agus pleananna acu bailiúchán fairsing litreacha, grianghraf agus taifead carthanais ón bhfeachtas bailithe airgid aitheanta i 1984 a dhigitiú. D’fhógair bunaitheoir Band Aid, Bob Geldof, agus an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD bronnadh na cartlainne ar an leabharlann inniu (20.12.17).

Feiniméan ar fud an domhain agus díol suntais a bhí in Band Aid sna 1980idí a thug ceol agus daonchairdeas le chéile chun airgead a bhailiú d’íospartaigh an ghorta uafásach a bhí san Aetóip. In ollghrúpa Band Aid, a chuir Geldof le chéile, tháinig os cionn 40 de na ceoltóirí is mó le rá sna 1980idí, lena n-áirítear U2, Ultravox, Bananarama, George Michael, Boy George, Spandau Ballet, Duran Duran agus banna Geldof féin, The Boomtown Rats, le chéile chun amhrán carthanais a chanadh. Tá amhrán Band Aid ‘Do They Know It’s Christmas?’, a scríobh Geldof agus Midge Ure ar cheann de na hamhráin Nollag is mó a bhfuil tóir air a eisíodh riamh agus tá ríchíosanna á chothú aige i gcomhair Iontaobhas Band Aid gach Nollaig ó 1984. Bhí na ceolchoirmeacha Live Aid sa RA agus i SAM ina dhiaidh sin ar an 13 Iúil 1985 i measc na n-imeachtaí sainitheach den ré, agus bhí a gcraoltaí beo ina n-imeachtaí gan fasach agus nach féidir dearmad a dhéanamh orthu.

Ag labhairt ag an bhfógra inniu, dúirt Bob Geldof: "Trínár scéal a thabhairt do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, cuirimid ar chumas glúnta eile staidéar a dhéanamh orthu agus le cúnamh Dé gheobhaidh siad spreagadh uathu don todhchaí. D’ainneoin bheith ag caint agus ag idirbheartaíocht le hinstitiúidí náisiúnta eile, bheartaigh na hIontaobhaithe ar Éirinn mar bhaile dúchais na cartlainne mar gheall ar thuiscint agus tiomantas na Leabharlainne don chartlann, tiomantas iontach mhuintir na hÉireann do Band Aid ina iomláine agus a bhfreagairt um bailiú airgid iontach agus gan fasach leis na ceirníní agus na ceolchoirmeacha agus ar deireadh a n-eagraíochtaí neamhrialtasacha iontacha agus tiomantais an rialtais do smaointe agus idéil Band Aid féin. Is é seo an bealach a bhfuil buíochas á ghlacadh againn le hÉirinn agus leis na Gaeil. Táimid ag iarraidh go n-úsáidfidh sibh an bronntanas seo chun tairbhe na ndaoine sin a leanfaimid ag obair ar a son."

    "Is é seo an bealach a bhfuil buíochas á ghlacadh againn le hÉirinn agus leis na Gaeil. Táimid ag iarraidh go n-úsáidfidh sibh an bronntanas seo chun tairbhe na ndaoine sin a leanfaimid ag obair ar a son." Bob Geldof

    Tar éis oifigí Iontaobhas Band Aid a dhúnadh i 1991, coinníodh an páipéarachas agus na comhaid ar fad in aonad stórála 100 troigh cearnach i Londain. Aistreofar an bailiúchán anois chuig an Leabharlann Náisiúnta, áit a ndéanfar catalógú, caomhnú, digitiú roghnach air agus taispeánfar é. Áirítear sa chartlann:

    • Na céadta litir ó dhaoine aonair – lena n-áirítear leanaí agus déagóirí – lámhscríofa den chuid is mó agus ar raon páipéar scríbhneoireachta pearsanta.
    • Litreacha, greannmhar agus oscailte go minic, ó dhaoine cáiliúla.
    • Ábhair phoiblíochta, lena n-áirítear gearrthóga preasa agus grianghraif.
    • Tabhartais míreanna, lena n-áirítear saothar ealaíne, filíocht agus taifeadtaí ceoil.
    • Tuairiscí maidir le tionscadail san Afraic, arna maoiniú ag an Iontaobhas ó 1985.
    • Comhfhreagras Iontaobhais – idir comhaltaí an Iontaobhais agus tríú páirtithe, lena n-áirítear deontóirí, rialtais, cuideachtaí loingseoireachta, carthanais eile, craoltóirí, etc.

    Dúirt Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, an Dr Sandra Collins: “Tá áthas orainn an deis seo a bheith againn an stór iontach seo de chuimhne shóisialta chomhaimseartha a chaomhnú agus a chur ar fáil. Léiríonn an raidhse comhfhreagrais a fuarthas ó dhaoine de gach aois agus as gach cúlra an fhreagairt iontach a bhí ag an bpobal ar fheachtas Band Aid. Tá mé cinnte go mbeidh suim mhór sa chartlann go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus beidh taispeántas de na hábhair iontacha seo sa Leabharlann Náisiúnta mar chríoch leis an tionscadal seo.”

    Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan: “Tá áthas orm gur féidir leis an Scéim Dhigitithe agus Clár Éire Ildánach tacú le seachadadh, catalógú agus digitiú na cartlainne uathúla seo. Taifead iontach atá ann den chaoi ar chuidigh an carthanas chun athrú a bhaint amach san Afraic, agus chun meon an chuid eile den domhan a athrú.” 

    Tuilleadh eolais ar www.nli.ie