Father and son

Maigh Eo
Plean Cultúir agus Cruthaitheachta 2017

Tá breis is 500 ealaíontóir agus lucht ealaíon as gach cineál disciplín ina gcónaí agus ag obair sa chontae, mar sin ní haon ionadh é go bhfuil clú ar Mhaigh Eo as a ceangal bríomhar cultúrtha. Le neart saintréithe nádúrtha agus cultúrtha, idir stair mhuirí a bhí cráite ag taibhse Ghráinne Mhaol, go dtí Achaidh Chéide ársa, is cinnte gur thug an tírdhreach drámata inspioráid d’ealaíontóirí agus d’údair araon. Síneann oidhreacht liteartha Mhaigh Eo ón bhfile Antoine Ó Raifteirí ón 18ú haois suas go dtí údair an lae inniu a bhfuil gradaim buaite acu ar nós Mike McCormack, Sally Rooney agus Eimear MacBride.

Tá clár Éire Ildánach dírithe ar théamaí an aitheantais, an chultúir agus na saoránachta, agus cuirtear tús le ról Mhaigh Eo i dturas cúig bliana an tionscnaimh lena cuid pleananna le haghaidh 2017.

Síneann oidhreacht liteartha Mhaigh Eo ón bhfile Antoine Ó Raifteirí ón 18ú haois suas go dtí údair an lae inniu a bhfuil gradaim buaite acu ar nós Mike McCormack, Sally Rooney agus Eimear MacBride.

Is pointe fócais luachmhar iad na hÚdaráis Áitiúla i rannpháirtíocht an phobail agus tugann Éire Ildánach cuireadh do gach Údarás Áitiúil dul i mbun rannpháirtíochta agus léiriú saoránach trí na healaíona agus an cultúr chun Plean Cultúir agus Cruthaitheachta a fhorbairt.