Skip to main content
Magnetise, Leitrim

Liatroim

Tá clú ar chontae Liatroma mar gheall ar bheocht an chultúir, saibhreas na hoidhreachta agus leibhéal suntasach beartaíochta agus acmhainne, go háirithe i ndáil le hachar an chontae, ar fud raon leathan cineálacha ealaíne agus réimsí cultúir. Le taobh tíre gan milleadh, tréithe sainiúla agus bríomhaireacht cultúir, tá Liatroim lán le comharsanachtaí idircheangailte ina bhfuil ealaíontóirí, scríbhneoirí, aisteoirí, damhsóirí, ceoltóirí agus lucht scannánaíochta. Tá Liatroim ar cheann de na contaetha is airde céatadán den daonra maidir le daoine fostaithe in earnáil na cruthaitheachta.

Spreagadh agus forbraíodh cuid mhór comharthionscadail éagsúla den téagar i gContae Liatroma le Clár Gairmscoile Liatroma maidir le hÉire Ildánach, chomh maith le Cruinniú na nÓg, ó cuireadh ar bun é sa bhliain 2017. Baineann siad seo le cuid mhór cineálacha ealaíne agus comhtéacsanna cruthaitheachta agus oibríodh le réimse ollmhór grúpaí pobail ar fud an chontae ar fad.

Tá dúthracht agus díograis Chomhairle Chontae Liatroma maidir le fiúntas na cruthaitheachta a thabhairt i bhfeidhm don fhorbairt shóisialta, cultúir agus eacnamaíochta go mór chun tosaigh i Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta an chontae faoi Éire Ildánach. Tá rannpháirtíocht agus deiseanna rannpháirtíocht croílárnach maidir leis an aisling. Tá bunriachtanas freisin maidir leis an aisling le cumhacht a thabhairt don lucht ealaíne agus cruthaitheachta agus an ceangal idir iad agus an pobal a chothú. D'fhonn Aisling maidir le hÉire Ildánach i gContae Liatroma a thabhairt i gcrích, bhunaigh Comhairle Chontae Liatroma Meitheal Cultúir lena mbaineann rannóga éagsúla de chuid na comhairle ionas go gcinntítear cur chuige an rialtais áitiúil uile ar aon dul le prionsabal an rialtais uile a bhaineann leis an gclár ar an leibhéal náisiúnta, gné bhuntábhachtach den rath atá ar an gclár.

Tháinig leagan amach straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Liatroma faoi anáil na luachanna a luaitear le hÉire Ildánach, an Comhar, an Chumarsáid, an Pobal, Rannpháirtíocht, Uilechuimsitheacht agus Cumasú. Ar an gcéad dul síos, is léiriú suntasach dáiríre an clár Éire Ildánach ar an gcomhar idir an rialtas áitiúil agus an rialtas náisiúnta i ndáil le réimse an chultúir agus na cruthaitheachta. Taobh istigh de Chomhairle Chontae Liatroma, tá an straitéis agus an clár ina siocair le breis comharoibre idir rannóga éagsúla na heagraíochta. Bhí an comhar i gceist leis an bpróiseas a ghabh le dréachtú na straitéise agus tá na bearta a luaitear sa chlár, agus scéim na Gairmscoile Oscailte faoi Éire Ildánach go háirithe, leagtha amach sa chaoi is go spreagtar comharobair níos forleithne idir an t-údarás áitiúil, lucht shaothrú na cruthaitheachta san earnáil agus dreamanna éagsúla, a bhaineann le réimse spáis nó le réimse spéise, ar fud an chontae.

Image ALT text

Creative Ireland and RTÉ Supporting the Arts: Modern Day Mummers

Open Video

Foireann Cultúir agus Cruthaíochta

Philip Delamare

Comhordaitheoir Éire Ildánach

Teagmháil

Alice Dixon

Oifigeach Rannpháirtíochta Phobail Ildánacha

Teagmháil

Mary Quinn

Stiúrthóir Seirbhísí

Teagmháil

Joseph Gilhooly

Príomhfheidhmeannach

Teagmháil

Pauline Brennan

Leabharlannaí Contae

Teagmháil

Sarah Malone

Oifigeach Oidhreachta

Teagmháil

Geraldine Reynolds

Oifigeach Sinsearach Forbartha Tuaithe

Teagmháil

Ár Straitéis

CI_CCS_G_Leitrim_V1.pdf
Íoslódáil

Stay up to date

×