Man on stilts at Loughrea Medieval Festival

Contae na Gaillimhe
Plean Cultúir agus Cruthaitheachta 2017

Is láthair mhór chultúrtha agus chruthaitheach é Contae na Gaillimhe, agus ról lárnach ag na healaíona agus ag an oidhreacht i saol agus i bhféinleas shaoránaigh uile an chontae.

Ón spleodar ealaíon agus ceoil i dTuaim go dtí áilleacht gan mhilleadh Chonamara – as ar tháinig pearsana móra cruthaitheacha mar scríbhneoir mór na Gaeilge Máirtín Ó Cadhain, an stiúrthóir scannán a bhuaigh gradam Academy Award John Ford, agus an t-aisteoir Peter O’Toole, agus a thug inspioráid do leithéidí an fhealsúnaí as an Ostair Ludwig Wittgenstein – is cinnte gur stór iontach d’inspioráid agus de ghníomhaíocht chruthaitheach é Contae na Gaillimhe.

Ón spleodar ealaíon agus ceoil i dTuaim go dtí áilleacht gan mhilleadh Chonamara, is cinnte gur stór iontach d’inspioráid agus de ghníomhaíocht chruthaitheach é Contae na Gaillimhe.

Bronnadh Réigiún Gastranómachais na hEorpa le haghaidh 2018 ar Ghaillimh agus Príomhchathair Chultúir na hEorpa le haghaidh 2020, agus tá an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn i nGaillimh, agus beagnach 20% de dhaonra an chontae ag maireachtáil, ag obair agus ag cruthú as Gaeilge. Is é an saibhreas traidisiúin sin agus an tiomantas don phobal a threoróidh plean contae Éire Ildánach na Gaillimhe le haghaidh 2017, agus ar cheann de na buaicphointí go cinnte beidh an fhéile Architecture is…On the Edge.