Traditional Irish band playing instruments

An Clár
Plean Cultúir agus Cruthaitheachta 2017

Áit ina raibh flúirse chultúr agus stair na hÉireann riamh, is fada cuairteoirí ag tabhairt aghaidh ar an gClár mar gheall ar an meascán den scoth d’imeachtaí cultúrtha cáiliúla agus an timpeallacht spreagthach. Tá láithreáin oidhreachta nádúrtha dochreidte sa chontae, leithéidí Aillte an Mhothair agus Bhoirne, mar aon le breis is 150 féile gach bliain, is cinnte go bhfuil an Clár ag cur thar maoil leis na healaíona.

Tugtar baile spioradálta cheol traidisiúnta na hÉireann ar an gClár, agus ceangal fada iomráiteach aige leis an seánra.

Tugtar baile spioradálta cheol traidisiúnta na hÉireann ar an gClár, agus ceangal fada iomráiteach aige leis an seánra. Dar leis an amhránaí/cumadóir agus an ceoltóir iontach Sharon Shannon go bhfuil a bunús sa Chlár, agus an fidléir Martin Hayes agus seinnteoir clúiteach na feadóige stáin Micho Russell ar an bport céanna. Tháinig ainmní Grammy as an gcontae fiú; rugadh an t-amhránaí Maura O’Connell i gceantar álainn cois cósta na hInse.

Beidh na saintréithe cruthaitheacha agus cultúrtha den scoth a bhaineann le Contae an Chláir mar threoir agus mar mhúnla ag a plean contae uathúil Éire Ildánach, agus beidh tionscnaimh mhaoinithe cosúil le Féile Scannán Sparks i Leabharlann na Scairbhe agus cruthú múrmhaisiú pobail faoi stiúir na scoláirí ar bhalla Sheanscoil na mBuachaillí sa Tulach ar chuid de bhuaicphointí plean leanúnaigh a chuireann leabharlanna, músaeim, cartlanna, láithreáin oidhreachta, na healaíona agus fiontair i gcroílár dhul chun cinn an Chláir amach anseo.