1916 reenactment

Cill Dara
Plean Cultúir agus Cruthaitheachta 2017

Seo contae ina gcloistear ceol traidisiúnta agus comhaimseartha na hÉireann go meanmnach agus tá flúirse amhránaithe, cumadóirí amhrán agus ceoltóirí ann a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain – agus go deimhin ealaíontóirí, údair, taiscéalaithe agus réabhlóidithe. Is cinnte go bhfuil féith na cruthaitheachta le brath go domhain i gCill Dara.

Tá suíomh an chontae féin foirfe, í suite i measc tírdhreacha stairiúla cosúil le machairí an Churraigh agus Eanach Bhaile an Pholardaigh, agus séadchomharthaí ann a léiríonn gach ré agus gan iad ach fad urchair ó fhoirgnimh chomhaimseartha a bhfuil gradaim buaite acu cosúil le hÁras Chill Dara; is cinnte go raibh an contae bisiúil do leithéidí an bhan-aisteora Aisling Bea, an dealbhóra Gabriel Hayes, an úrscéalaí Molly Keane, agus daoine nach iad. Gan trácht ar roinnt de na réaltaí is mó sa cheol arb é Cill Dara a mbaile dúchais, an banna indie Bell X1 agus na hamhránaithe Luka Bloom agus Jack Lukeman, Donal Lunny, Christy Moore agus Damien Rice ina measc.

Is cinnte go raibh an contae bisiúil do leithéidí an bhan-aisteora Aisling Bea, an dealbhóra Gabriel Hayes, an úrscéalaí Molly Keane, agus daoine nach iad.

Tugann ionaid mar Theach Bhaile an Chaisleáin, The Moat Theatre, Riverbank Arts Centre agus Ionad Ealaíon Pobail Bhaile Átha Í na hardáin riachtanacha go léir le haghaidh chlár ceolchoirmeacha, ceadal agus léirithe Chill Dara ar feadh na bliana ar fad.

Agus ní hé sin deireadh an scéil; mar gheall ar an éagsúlacht ealaíonta i gCill Dara is áit bhreá í do lucht scannán, agus rinneadh scannánaíocht anseo ar radhairc as Braveheart agus as an ngearrscannán Gridlock a fuair ainmniúchán ag Gradaim IFTA in 2017.

Léirítear an saibhreas cultúrtha agus cruthaitheachta atá sna daoine i bplean contae Éire Ildánach le haghaidh Chill Dara, agus áirítear leis tionscadail agus tionscnaimh atá ar na bacáin don phobal ar gach leibhéal ar feadh 2017 agus ina dhiaidh sin.