About Creative Ireland

 Clár Éire Ildánach— Cultúr, Folláine agus an tSochaí Ildánach

Éire Ildánach an tionscnamh de chuid an Rialtais a eascraíonn le hoidhreacht ó Éire 2016.

Níos Mó

Tionscnamh cúig bliana atá ann, ó 2017- 2022, trína gcuirtear an chruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí. Tionscnamh ardleibhéil, ardaidhme uile-rialtais atá ann d’fhonn an chruthaitheacht a chur ina gnáthchuid de shaol an náisiúin ionas gur féidir linn ar fad, asainn féin agus i gcomhar lena chéile, an acmhainn chruthaitheachta atá ionainn a thabhairt in inmhe agus chun foirfeachta sa saol pearsanta agus i bhforais éagsúla na tíre.

Tionscnamh atá in Éire Ildánach atá bunaithe ar an gcultúr agus atá leagtha amach le folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is é an bunsmaoineamh go mbíonn rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúir ina shiocair leis an gcruthaitheacht phearsanta agus le cruthaitheacht an chomhair agus go dtagann torthaí suntasacha dá bharr sin maidir le folláine an duine agus an phobail agus lena gcuireann an duine agus an pobal i gcrích.

Éire Ildánach an príomhchóras trína gcuirfear i bhfeidhm na tosaíochtaí a leagtar amach in Cultúr 2025/Éire Ildánach, an dréachtpholasaí cultúir a d’fhoilsigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i mí Iúil 2016 ina bhfeictear gur ní bunriachtanach sa tsochaí éiceachóras beo bríomhar cultúir. Luaitear i Cultúr 2025/Éire Ildánach gur gné bhunúsach de Stát na hÉireann na healaíona agus an cultúr, admhaítear gur gá teacht a bheith níos furasta ar ghnéithe de na healaíona, rannpháirtíocht sna healaíona a bheith níos coitianta, borradh a chur faoi thionscail na cruthaitheachta agus an oidhreacht a chaomhnú, le béim faoi leith ar an teanga, ar an tírdhreach agus ar an timpeallacht.

A mhéid a ghlac an pobal páirt i mBliain Chomórtha an Chéid a spreag Éire Ildánach, tionscnamh le hoidhreacht ón mbliain 2016: na mílte imeacht, a bhí bunaithe ar chúrsaí cultúir den chuid is mó, agus rannpháirtíocht an tslua iontu, a tharraing le chéile muid i mbun machnaimh ar chúrsaí aitheantais, cultúir agus saoránachta na hÉireann, an stair á ceangal leis na healaíona, an oidhreacht agus an teanga.

Beidh breis comhordúcháin agus béime i gceist maidir le polasaithe agus tionscnaimh atá bunaithe ar an gcultúr cheana féin mar gheall ar Éire Ildánach, chomh maith le gníomhartha ardaidhme nua a thabhairt chun cinn.

Is straitéis folláine atá in Éire Ildánach, ach féadfar freisin Éire a chur in iúl don saol mór ar bhealach a bhfuil bunús maith faoi, tuiscint go forleathan air agus brí chiallmhar leis. Faoi Éire Ildánach, déanfar comhordú ar an gcur i láthair sin agus féachfar le teacht ar an gcomhtháthú ina leith i measc na bpáirtithe leasmhara go léir agus le béim a leagan go láidir ar ár n-oidhreacht shaibhircultúir agus ar an gcruthaitheacht.

Mar bhonn agus taca ag Éire Ildánach tá na príomhluachanna atá sonraithe in Culture 2025/Éire Ildánach. Is iad sin:

  • Luach sainiúil an chultúir
  • An luach a chuireann an cultúr lenár saol agus lenár bpobal
  • An ceart atá ag gach duine chun páirt a ghlacadh i saol cultúrtha an náisiúin
  • A thábhachtaí atá an Ghaeilge, ár n-oidhreacht chultúrtha, ár dtraidisiún béil, ár gcluichí agus ár gceol, agus a uathúla atá ár gceantair Ghaeltachta
  • Luach na héagsúlachta cultúrtha a ghabhann leis an iomad traidisiún agus cúlraí sóisialta atá againn in Éirinn inniu
  • Luach an chultúir mar bhealach chun todhchaí níos inbhuanaithe a chothú d’Éirinn, lena n-áirítear trí bheartas eacnamaíoch agus sóisialta
  • Luach an chultúir maidir le hÉirinn a chur i láthair an domhain.

 An Chruthaitheacht

Tugtar de shainmhíniú ar an gcruthaitheacht chomh fada agus a bhaineann le Éire Ildánach go dtagann cumas ó dhúchas agus scileanna foghlamtha i gceist leis; gur ionann an chruthaitheacht agus cumas daoine aonair agus eagraíochtaí gnáthsmaointeoireacht agus nósanna a shárú de bhíthin na héirime agus smaointe nua a chruthú a mbíonn fiúntas breise leo don duine.

Níos Mó

Áit a mbíonn cultúr bíonn cruthaitheacht: tá an t-ealaíontóir agus an dearthóir lárnach i gcultúr cruthaitheachta a thabhairt chun cinn. An t-ealaíontóir a dhéanann an príomhchíoradh agus an príomhchur-iláthair ar an gcultúr: baineann an dearthóir tairbhe as léargas an ealaíontóra chun brí agus saoithiúlacht an chultúir a thabhairt do tháirgí, spásanna agus próisis.

Bíonn tairbhe mhór as saothrú na n-ealaíon go leanúnach maidir le cumas cruthaitheachta a chothú agus cur le leas an duine. Cuireann ceol, na hamharcealaíona, scannánaíocht agus filíocht le cruthaitheacht sa tsochaí. Déantar foghlaim, dea-shláinte agus comhtháthú sóisialta a spreagadh chomh maith le poist a chruthú agus rath eacnamaíochta a thabhairt chun cinn.

Deirtear go minic gurb í cruthaitheacht an duine an acmhainn eacnamaíochta is fearr ar fad agus tá sí ríthábhachtach má tá rath le teacht ar ghnólacht, ar chathair, ar phobal nó ar thír ar bith.

Tá daoine cruthaitheacha tábhachtach sa gheilleagar nua a mbeidh níos mó tábhachta leis an gcumas coincheapú a dhéanamh ná le heolas. Is gnéithe bhuntábhachta de gheilleagar nuálach iar-thionsclaíoch an cultúr agus an chruthaitheacht.

 Cúlra na bliana 2016, Bliain Chomórtha an Chéid

D’fhág Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain go bhfuil tuiscint níos géire ar aitheantas na ndaoine, ar an mórtas as an tír agus as an áit agus ar an tsaoránacht ghníomhach

Níos Mó

Is é is suntasaí faoin nglacadh a bhí ag an bpobal lenar cuireadh ar fáil faoi Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain go ndearnadh fiosrú na staire níos tréine ná riamh, agus gur tharla beartaíocht phobail agus taithí an chultúir níos minice ná riamh freisin. Is léir, ar anailís a dhéanamh ar na seacht snáithe a bhain leis an gclár – go náisiúnta, de réir an chontae, agus i measc lucht an Diaspóra – gur ar imeachtaí ealaíon agus cultúir is fearr a bhí toradh.

D’eascair lucht ré na réabhlóidíochta as Conradh na Gaeilge, Athbheochan na hÉireann, Cumann Litríochta Náisiúnta na hÉireann, Amharclann na Mainistreach agus forais eile cultúir na linne. Ba chuid lárnach de Bhliain Chomórtha an Chéid saol an chultúir sa lá atá inniu ann: na leabharlanna contae, na hoifigí ealaíon agus oidhreachta contae, ár gcartlannaithe, grúpaí ealaíon atá bunaithe i measc an phobail, eagraíochtaí Gaeilge, ár n-ollscoileanna, Acadamh Ríoga na hÉireann, na Forais Náisiúnta Cultúir go léir, an Chomhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann, Cultúr Éireann, chomh maith le hamharclanna, Hallaí Contae agus Hallaí Cathrach, féilte ealaíon, RTÉ agus na meáin chraoltóireachta poiblí, ionaid ceolchoirme agus ceoil, sráideanna cathrach agus bailte móra agus an tírdhreach féin – agus, ar ndóigh, na healaíontóirí agus cruthaitheoirí go léir i ndisciplíní éagsúla a d’fhreagair don Chomóradh Céad Bliain.

Tháinig an luí atá againn go nádúrtha leis na healaíona cruthaitheacha chun cinn go soiléir i rith na bliana. Trí chúrsaí ealaíon ab fhéidir ardán a chur ar fáil do rannpháirtíocht an tslua ionas go raibh aird ar an iliomad snáithe scéil agus machnamh á dhéanamh orthu. Cuireadh i gcuimhne dúinn chomh buntábhachtach agus atá ealaín na cruthaitheachta agus an rannpháirtíocht sna healaíona maidir leis an tuiscint atá againn ar an aitheantas náisiúnta agus ar na cuspóirí náisiúnta.

Ar an ábhar sin, tá cúis an-mhaith le tionscadal suntasach le hoidhreacht atá bunaithe ar théamaí an aitheantais, an chultúir agus na saoránachta agus an chumhacht atá ag an gcruthaitheacht athrú a thabhairt chun cinn.

 An Chruthaitheacht—Comhthéacs an Pholasaí Náisiúnta

Beidh leibhéal feabhsaithe comhordaithe, fócais agus ceannaireachta i gceist le Éire Ildánach i ndáil le polasaithe agus tionscnaimh atá ann cheana ar fud an rialtais náisiúnta agus áitiúil, gníomhaireachtaí Stáit, san earnáil cultúir agus ealaíon, in eagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge agus cuirfidh an clár naisc ar fáil chuig na hearnálacha gnó príobháidigh agus NGO.

Níos Mó

Cuireann Éire Ildánach i gcomhthéacs an Clár do Rialtas Comhpháirtíochta ina ndeirtear:

  • Gur dlúthchuid ríthábhachtach de Stát na hÉireann na healaíona agus an cultúr
  • Go gcreidtear gur don uile dhuine na healaíona agus gur gá teacht a bheith níos furasta ar na healaíona agus rannpháirtíocht a bheith níos coitianta sna healaíona, borradh a chur faoi thionscail na cruthaitheachta agus an oidhreacht a chaomhnú

Is é Éire Ildánach an príomhbhealach forfheidhmithe do na tosaíochtaí atá aitheanta sa chreatpholasaí sin a fhéachann leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Gur mó an rath a bhíonn mar shochaí ar an gcineál a dhéanann infheistíocht i gcúrsaí ealaíon agus oidhreachta.

Le Éire Ildánach glactar leis na luachanna agus na prionsabail ardleibhéil atá leagtha amach in Cultúr 2025/Éire Ildánach a bhfuil sé mar aidhm leo:

  • Saol gach duine a shaibhriú trí rannpháirtíocht i saol cultúrtha an náisiúin
  • Deiseanna a chruthú do bhreis rannpháirtíochta i measc na saoránach, go háirithe do dhaoine nach bhfaigheann deiseanna den sórt sin faoi láthair
  • Ardaidhm, fiontar, nuálaíocht agus barr feabhais a spreagadh in earnálacha na cruthaitheachta agus an chultúir
  • A chinntiú go bhféachtar ar an gcultúr mar chroí-chomhpháirt den obair ar fud an Rialtais
  • Aitheantas agus tacaíocht a thabhairt don chion tairbhe a dhéanann an earnáil dheonach maidir le cúrsaí cultúir
  • A chinntiú go bhfuil córas láidir ann lena ndéantar oidhreacht chultúrtha na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn
  • Tacú le húsáid na Gaeilge, lena ngabhann pobail bheoga Ghaeltachta agus le líonraí eile teanga
  • Cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar an ardán idirnáisiúnta
  • Meicníochtaí dea-dheartha maoinithe a úsáid chun an fhís seo a mhaoiniú.

Is é Éire Ildánach an príomhbhealach forfheidhmithe do na tosaíochtaí atá aitheanta sa chreatpholasaí sin a fhéachann leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An cultúr a chur ag croílár ár saol
  • An chruthaitheacht a chothú
  • Ár n-oidhreacht chultúrtha agus ár dtraidisiúin chultúrtha a cheiliúradh
  • Aitheantas a thabhairt dá thábhachtaí atá an cultúr i sochaí bheoga
  • Comhoibriú a dhéanamh mar ghnás as seo amach
  • Béim a leagan ar an ngné idirnáisiúnta
  • Freagairt don ré dhigiteach.

Déanfar an Chairt maidir leis na hEalaíona i gcúrsaí Oideachais, faoi mar atá le fáil i gcomhcháipéis polasaí de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus na Roinne Oideachais agus Scileanna, Cairt na nEalaíon san Oideachas (2012) a chothú agus seasamh léi mar chuid den chlár oibre ag Éire Ildánach. Luaitear ansin:

Creidimid gur gá díriú ar an gcruthaitheacht ionas go mbeidh sí lárnach i dtodhchaí na sochaí agus na tíre seo. Is iad na healaíona an chéad bhlaiseadh a fhaighimid ar shaibhreas seo na cruthaitheachta, agus tagaimid leis na healaíona a chur i gcroílár an chórais oideachais seo againn i dteannta ábhair eile.

Tá tionscadail taighde eile ar tugadh maoiniú ina leith ón státchiste trínar léiríodh ceangal díreach idir an chruthaitheacht atá bunaithe ar na healaíona agus folláine i gcomhthéacsanna éagsúla. Tuigtear go forleathan mar shampla an tábhacht atá leis na healaíona i ndáil le réimse na meabhairshláinte. Áirítear ar na samplaí praiticiúla den cheangal idir na healaíona agus leas an duine:

  • An tionscadal maidir leis na hEalaíona i Láithreacha Cúraim a chuir Age and Opportunity ar bun agus é d’aidhm leis go mbeadh na healaíona agus an chruthaitheacht ina ndlúthchuid de shaol daoine scothaosta agus iad faoi chúram
  • Design & Dignity, tionscadal i gcomhar idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Foras Ospíse na hÉireann trína dtugtar ardchaighdeán ealaíne, dearthóireachta agus ailtireachta i bhfeidhm i láithreacha deireadh saoil, go háirithe in ospidéil phoiblí – a n-admhaítear toradh tairbheach den suntas a bheith air maidir leo siúd atá ag saothrú an bháis, iad siúd atá faoi mhéala, lucht foirne na n-ospidéal agus lucht cúraim
  • Cláir ealaíon sna príosúin, scéimeanna na Comhairle Ealaíon maidir le scríbhneoireacht sa phríosún agus na hamharcealaíona sa phríosún san áireamh, a n-aithnítear go coitianta gur cuidiú iad maidir le haititimeachas a mhaolú agus le hathshlánú agus féinmhuinín a thabhairt chun cinn.

An tOileán Domhanda: Beartas Eachtrach na hÉireann maidir le Domhan atá ag Athrú (2015) go bhfuil ‘an cultúr Gaelach ina chultúr coiteann domhanda, agus go n-aithníonn daoine an cultúr sin agus go leanann siad é cé go bhféadfadh nach bhfuil ceangal ar bith eile acu le hÉirinn.’

Áitítear mar seo a leanas san athbhreithniú sin freisin: ‘Trí bhíthin na taidhleoireachta cultúrtha, is cinnte go neartófar an caidreamh atá cothaithe againn lenár bpobail diaspóra agus na comhpháirtíochtaí atá againn ar fud na cruinne.’ Léiríodh deimhniú leis an tuairim sin trí obair líonra na n-ambasáidí i rith na bliana 2016 agus feictear go bhfuil tábhacht anmhór le cúrsaí ealaíon agus cultúir maidir le háit na hÉireann ar fud an domhain agus an acmhainn atá ionainn treisiú leis an gcaidreamh ar fud an domhain.

Cothaítear caidrimh ar fud oileán na hÉireann mar gheall ar idirghníomhaíocht chultúrtha a dtéann a dtábhacht níos faide ná réimse an chultúir. Oibríonn an cultúr trasna teorainneacha ionas gur féidir tuiscint a chothú idir pobail agus cultúir éagsúla ar leibhéal an-domhain. Déanfar caidreamh den chineál sin a chothú faoi Éire Ildánach agus déanfar modhanna nua a fhiosrú go leanúnach trínar féidir leas a bhaint as cultúr agus cruthaitheacht chun daoine ar an oileán seo a thabhairt le chéile.

Leanfar ar aghaidh ag tacú le gníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha trí Chiste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Spreagfar údaráis áitiúla agus comhlachtaí stáit chun comhoibrithe ar bhonn tras-teorann laistigh de chreat Éire Ildánach.

Cuideoidh Clár Éire Ildánach freisin le misean Chultúr Éireann, an Rannóg de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar a leagtar de chúram ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain, de réir mar a bhíonn ardáin á bhforbairt chun iléagsúlacht agus ardchaighdeán chruthaitheacht na hÉireann a chur chun cinn don lucht éisteachta agus féachana thar lear.

Cuideoidh Éire Ildánach le tionscnaimh atá ar bun cheana féin maidir le tionscail na cruthaitheachta agus cuirfear comharbhearta breise chun cinn lena mbaineann gníomhaireachtaí de leithéid Fiontraíocht Éireann agus Comhairle Dearthóireachta agus Ceardaíochta na hÉireann, an príomhchrann taca ag tionscal na dearthóireachta agus na ceardaíochta.

Déanfaidh an clár Éire Ildánach a chuid gníomhaíochtaí a fhí a mhéid is féidir le gníomhaíochtaí An Eoraip Chruthaitheach—Clár na hEorpa do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta do na blianta 2014-2020.

 Clár Bhliain 1

Déanfar na deich dtionscnamh seo a leanas a thabhairt chun críche agus a chur ar bun roimh dheireadh na bliana 2017:

Níos Mó

1. Plean náisiúnta le deis a thabhairt do gach leanbh in Éirinn teagasc sa cheol, sa drámaíocht, san ealaín agus sa chódúchán a thapú

2. Plean Cultúir agus Cruthaitheachta i ngach contae

3. Meitheal Cultúir, faoi cheannas Stiúrthóra, arna cóiriú de réir riachtanais an cheantair, i ngach contae

4. Clár Chruinniú na Cásca

5. Oibreoidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le chéile le meicníocht a cheapadh, mar scéim píolótach, le cabhair a thabhairt d’ealaíontóirí féinfhostaithe a bhfuil iarratas déanta acu ar Liúntas Cuardaitheora Poist

6. Plean maidir leis an bhforbairt a dhéanfar ar gach Foras Cultúir faoin mbliain 2022

7. Clár cúig bliana maidir leis an infheistíocht chaipitil in earnáil an chultúir agus na hoidhreachta

8. Plean fadtéarmach, a dtagann an tionscal ar fad faoina scáth, i ndáil le hÉirinn mar mhol domhanda don léiriúchán i gcúrsaí Scannánaíochta, Drámaíocht Teilifíse agus Anamúlachta

9. Clár cumarsáide agus féiniúlacht idirnáisiúnta aontaithe d’Éirinn

10. Beidh comhdháil de chuid Fhóram Éire Ildánach ag ar cuireadh an chuid is fearr den smaointeoireacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ar taispeáint tar éis tarlú.

 Struchtúir, Cúrsaí Rialachais agus Bearta Oibre Ardleibhéil

Seo a leanas na gnéithe infreastruchtúir a bhaineann le Éire Ildánach:

Níos Mó
  • Coiste Comhaireachta faoi chathaoirleacht an Taoisigh
  • Grúpa Oifigeach Sinsearach, faoi stiúir Ard-Rúnaí Roinn an Taoisigh, ar a mbeidh státseirbhísigh sinsearacha as gach ceann de na ranna rialtais lena mbaineann
  • Oifig Tionscadail faoi leith, lonnaithe sa Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ar cheann de na tosca ba chinniúnaí maidir leis an rath a bhí ar Éire 2016, bhí an obair i gcomhar idir ranna rialtais agus gníomhaireachtaí rialtais ar leibhéal nach bhfacthas riamh cheana. Cuirfidh Éire Ildánach a bhfuil foghlamtha ina leith seo i bhfeidhm ionas go gcruthaítear tionscnamh comharoibre trasrialtais a bheidh ina mhúnla aithrise ar an leibhéal áitiúil.

Is í an phríomhobair atá le déanamh ag Éire Ildánach páirtnéireacht thairbheach agus feidhmiúcháin a chruthú agus a chothú leis na gníomhaireachtaí ar fad a thugtar san áireamh agus sin bunaithe ar phleananna mionsonraithe oibre, lena luaitear torthaí follasacha, arna leagan amach i gcomhairle le gach eagraíocht páirtnéireachta faoi leith.

Chomh maith leis na Príomhranna Rialtais agus na struchtúir rialtais áitiúil i measc páirtnéirí eile atá páirteach in Éire Ildánach beidh an earnáil tríú leibhéal, eagraíochtaí ealaíon agus cultúir (lena n-áirítear na Forais Náisiúnta Cultúir), eagraíochtaí meán cumarsáide, an Chomhairle Ealaíon, an Chomhairle Oidhreachta, Bord Scannán na hÉireann, Fiontraíocht Éireann, IDA Éireann, Turasóireacht Éireann, Fáilte Ireland, Bord Bia, Fondúireacht Eolaíochta Éireann, Údarás na Gaeltachta, An Foras Teanga, Comhairle Dearthóireachta agus Ceardaíochta na hÉireann, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus eagraíochtaí eile sna hearnálacha ealaíon, cultúir, Gaeilge, oideachais, forbartha leanaí, deartha, eolaíochta agus teicneolaíochta.