A band playing at Lumina in conjunction with other voices

Ciarraí

Plean Cultúir agus Cruthaitheachta 2017

Tá clú agus cáil idirnáisiúnta ar Chiarraí de bharr radhairc bhreátha an chontae agus toisc go bhfuil os cionn 10,000 láthair seandálaíochta agus oidhreachta sa chontae, lena n-áirítear Oileáin aitheanta na Sceilge. Is cinnte gurb contae é Ciarraí ina bhfuil flúirse físe, cultúir agus ealaíon.

Tá Siamsa Tíre, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, codanna de Rian Ceoil Shliabh Luachra agus de Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gCiarraí, agus Stáisiún Cábla Trasatlantach Oileán Dhairbhre agus Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail, mar aon le roinnt grúpaí oidhreachta, níos mó ná tríocha féile ealaíon, agus dhá limistéar Ghaeltachta dá chuid féin.

Is iomaí duine a thug a n-aghaidh ar an áilleacht gan sárú atá sa chontae ina measc lucht déanta scannán, stiúrthóirí, agus léiritheoirí a tháinig chuig a bheanna agus a chladaí – ó léiriúcháin O’Kalem go luath san fhichiú haois go dtí Ryan’s Daughter in 1970 agus le déanaí scannáin Star Wars – agus as sin tháinig spreagadh le haghaidh caighdeán saoil agus meas ar an gcultúr a chothaíonn neart, paisean, agus nuálaíocht. Tá fréamhacha ag pearsana móra cruthaitheacha sa chearn álainn seo d’Éirinn, ina measc John B. Keane, Pádraig O'Keeffe, Paddy Cronin, Éamon Kelly agus Michael Fassbender.

Tá Siamsa Tíre, Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí, codanna de Rian Ceoil Shliabh Luachra agus de Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gCiarraí.

Tá clár Éire Ildánach dírithe ar théamaí an aitheantais, an chultúir agus na saoránachta, agus cuirtear tús le ról Chiarraí i dturas cúig bliana an tionscnaimh lena chuid pleananna leathana le haghaidh 2017.