Big top arts festival at night

Cathair na Gaillimhe

Plean Cultúir agus Cruthaitheachta 2017

Cathair na Gaillimhe, nó Cathair na dTreabh, áit don óige, don fhoghlaim, don éagsúlacht agus don chruthaitheacht le fada an lá. Eiseamláir don chultúr in iarthar na hÉireann, fágann a saol ealaíon, cultúir, amharclannaíochta, oidhreachta agus ceoil gur ceann scríbe breá í do gach saghas duine, idir ealaíontóirí, smaointeoirí agus chruthaitheoirí.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Forbraíonn plean Éire Ildánach Chathair na Gaillimhe an tairiscint rathúil a rinne sí le déanaí ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020, ar a hainmniúchán le haghaidh Chathair Scannán UNESCO, gradam Urbanism Great Town, gradam na Bratach Corcra, Micrea-Chathair na Bliana de chuid FDI, Réigiún Gastranómachais na hEorpa 2018 agus an European Green Leaf Award 2017 mar an chathair bheag is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san Eoraip.

Eiseamláir don chultúr in iarthar na hÉireann, fágann a saol ealaíon, cultúir, amharclannaíochta, oidhreachta agus ceoil gur ceann scríbe breá í do gach saghas duine, idir ealaíontóirí, smaointeoirí agus chruthaitheoirí.

Toisc go bhfuil clár Éire Ildánach dírithe ar an gcreidiúint go spreagann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha cruthaitheacht phearsanta agus comhchoiteanna, feicfear tairbhe mhór chruthaitheach agus rannpháirtíocht pobail i bpleananna Chathair na Gaillimhe le haghaidh 2017 ag cur go mór leis an gceantar.