Skip to main content
Cruthaíonn cruthaitheacht

tuilleadh

Creativity in Action

Read our 2023 Progress Report

An obair a dhéanaimid

Tugann muid tacaíocht chun go mbeidh an cultúr agus an chruthaitheacht ina ngnáthchuid den saol, den phobal agus den sochaí.

Ceann de na buntáistí móra a bhaineann le hÉire Ildánach ná go bhfuil gá go mbeadh muid cruthaitheach i ngach rud a dhéanann muid, go mbeadh muid báite sa rud a bhfuil muid ag tacú leis. Ciallaíonn sé sin go ngríosaíonn muid muid féin agus daoine eile smaoineamh ar bhealaí éagsúla, rudaí a thriail, a bheith nuálach agus dírithe ar réitigh. I mbeagán focal, baineann muid taitneamh as a bheith cruthaitheach agus a chur ar chumas daoine eile a bheith cruthaitheach chomh maith, agus tá luach ann dúinn.

Faigh tuilleadh eolais

Náisiún Ildánach

Is iontach an tír í Éire don tsamhlaíocht, áit a saolaítear smaointe agus a bhfásann siad, tír ar an imeall. Seamus Heaney, Sally Rooney, Hozier, The Gloaming agus Simone Rocha, glúnta d'ealaíontóirí agus de lucht ealaíon na tíre ag múnlú tuiscint nua ar an tír agus ar chruthaíocht na hÉireann.

Is nuálaithe domhanda agus gníomhairí an athraithe iad ealaíontóirí, ailtirí, forbróirí bogearraí agus dearthóirí táirgí na hÉireann i dtithe faisin idirnáisiúnta, comhlachtaí meán nua, amharclanna, pictiúrlanna agus i gcathracha.



Faigh tuilleadh eolais
======

Físeáin
Ildánach

Gníomhú Cruthaitheach Ar Son Na hAeráide II: Gníomhaithe an Athraithe

Open Video


Pobail Ildánacha

Leas a bhaint as cumas cruthaitheach mhuintir agus phobail na hÉireann atá mar bhunchloch le Clár Éire Ildánach. Bíonn tionchar dearfach ar shláinte agus ar fholláine an duine nuair a ghlacann siad páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus cultúir. Tacaíonn sé freisin le comhdhlús sóisialta agus cuireann sé leis an mbraistint chomhuintearais agus leis an mbród atá againn ar fad as a n-áit féin. Tá daoine ó gach cearn den tír ag tarraingt le chéile chun a bpobail, a saol, agus a dtimpeallacht a athrú.

De bharr chomh maith is a d'éirigh leis an gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla do Éire 2016, bhunaigh Clár Éire Ildánach Foireann Cultúir agus Cruthaíochta i ngach aon cheann den 31 údarás áitiúil.

Faigh tuilleadh eolais

Óige Ildánach

Tá de chuspóir leis an bPlean Óige Ildánach “a chinntiú go bhfuil rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn, faoin mbliain 2022, ar theagasc agus ar rannpháirtíocht sa cheol, sa drámaíocht, san ealaín agus sa chódúchán” agus leagtar amach sa phlean na modhanna ina dtabharfar i gcrích aidhmeanna an Chláir uile maidir le leanaí agus daoine óga.

Tá d'aidhm leis an bplean Óige Ildánach go gcuirfí leis na deiseanna rannpháirtíochta agus go n-imreofaí tionchar ar an mbeartas poiblí maidir le cúrsaí cruthaitheachta san oideachas foirmeálta agus i dtimpeallachtaí taobh amuigh den scoil. Is mian linn réim a chruthú ina mbíonn cothromaíocht idir eolas agus cruthaitheacht maidir le forbairt an duine óig ionas go dtugtar deis dóibh a theacht chun cinn ina saoránaigh lán le brí agus samhlaíocht.

Faigh tuilleadh eolais

Stay up to date

×